An Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana
Sonraí
Ainm gearrEBLT Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáleagraíocht neamhrialtasach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíeagraíocht shaorálach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1982
Bunaitheoir(í)Parlaimint na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitan Líonra Eorpach um Chothromas Teangacha Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán9,500 € (2020) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáineblul.eurolang.net Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht neamhrialtasach a bunaíodh in 1982 chun éagsúlacht teangacha agus mionteangacha a chur chun cinn ab ea an Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana (Béarla: European Bureau for Lesser-Used Languages).[1] Cuireadh deireadh leis an eagraíocht in 2010. Bhí dlúthbhaint aige le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle na hEorpa, agus fuair sé maoiniú ón Choimisiún Eorpach agus ó eagraíochtaí rialtais áitiúla agus réigiúnacha.

D'fheidhmigh sé ar son an leathchéad milliún duine a labhraíonn mionteanga nó teanga réigiúnach san Eoraip.

Chuir an tAontas Eorpach deireadh le deontas oibriúcháin an Bhiúró in 2007 in ainneoin moltaí ó Pharlaimint na hEorpa,[2] lena n-áirítear Tuarascáil Ebner in 2003 agus measúnú a rinne Ernst and Young (a choimisiúnaigh an AE féin) gur cheart don AE leanúint lena thacaíocht.

Rinne Bord Stiúrthóirí an Bhiúró cinneadh ar an 27 Eanáir 2010 an eagraíocht a dhúnadh mar gheall ar an ngearradh siar ar a chroímhaoiniú.[3]

Tháinig an Líonra Eorpach um Chothromas Teangacha (Béarla: European Language Equality Network, nó ELEN)[4] i gcomharbas ar an mBiúró. Tugann sé balleagraíochtaí de chuid an Bhiúró agus go leor eagraíochtaí eile timpeall na hEorpa le chéile. Faoi láthair, feidhmíonn ELEN ar son 44 teanga trí 60 balleagraíocht i 20 stát Eorpach.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "IATE Search". Dáta rochtana: 2024-02-12.
  2. Microsoft Word - Multilingualism2part1.doc”. Europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2017-01-12.
  3. EBLUL - European Bureau for Lesser-Used Languages - EBLUL Closing Statement” (2012-04-26). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-04-26. Dáta rochtana: 2021-09-02.
  4. ELEN | European Language Equality Network”. Elen.ngo. Dáta rochtana: 2017-01-12.
  5. Framework Convention for the Protection of National Minorities”. Coe.int. Dáta rochtana: 2017-01-12.