An Líonra Eorpach um Chothromas Teangacha
Cuma
![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | ELEN ![]() |
Cineál | eagraíocht neamhrialtasach eagraíocht ![]() |
Foirm dlí | international non-profit association (en) ![]() ![]() |
Stair | |
Téann in áit | an Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana ![]() |
Dáta a bunaíodh | 2011 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú |
|
Táscaire eacnamaíoch | |
Ioncam iomlán | 32,878 € (2020) ![]() |
Suíomh gréasáin | elen.ngo ![]() |
Is eagraíocht neamhrialtasach idirnáisiúnta é an Líonra Eorpach um Chothromas Teanga[1] (Béarla: European Language Equality Network, nó ELEN) atá gníomhach ar an leibhéal Eorpach. Oibríonn sé chun teangacha neamhfhorleathana na hEorpa a chosaint agus a chur chun cinn, .i. teangacha réigiúnacha, teangacha mionlaigh, teangacha atá i mbaol, teangacha comhoifigiúla, agus teangacha náisiúnta de chuid na náisiún beag.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúnadh an Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, eagraíocht neamhrialtasach cosúil le ELEN, in 2010, agus bunaíodh ELEN an bhliain dár gcionn.
Obair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá baint ag an Líonra le go leor tograí ar son teangacha neamhfhorleathana san Eoraip:[2]
- Déanann sé stocaireacht ar na príomheagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil baint acu le cearta an duine agus cearta comhchoiteanna (Na Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa, an tAontas Eorpach).[3] Labhraíonn ELEN ar son na mionlach is lú cumhacht san Eoraip, trí éilimh a chur faoi bhráid comhlachtaí tofa ar nós Parlaimint na hEorpa.
- Feidhmíonn sé ar an leibhéal áitiúil freisin, mar shampla nuair a chuaigh sé i mbun feachtasaíochta chun brú ar chur ar Rialtas na Fraince an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a dhaingniú,[4] nó nuair a chuir sé tuairisc faoi bhráid na Náisiún Aontaithe a cháin Rialtas na Spáinne as a dhearcadh i leith mionlach nach bhfuil Spáinnis mar phríomhtheanga acu.[5][6]
- Tosaíonn sé, nó glacann sé páirt i dtionscadail mhonatóireachta ar son teangacha mionlaigh, ina measc, an Digital Language Diversity Project, a raibh aidhm aige ábhar digiteach i dteangacha mionlaigh a chruthú agus a chomhroinnt.[7]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An open letter – Llythyr agored – Lyther ygor – Litir oscailte – Litir fhosgailte. Our language communities benefit from our membership of the European Union." (2016-06-20). Dáta rochtana: 2024-02-12.
- ↑ Argouarch. “Paul Molac : Il nous faut agir pour changer la Constitution avant l'élection présidentielle” (fr-FR). Agence Bretagne Presse. Dáta rochtana: 2021-11-08.
- ↑ Morgan (2016-06-09). “Language discrimination rife across EU” (en-GB). www.euractiv.com. Dáta rochtana: 2021-11-08.
- ↑ “Row brews over French regional languages as country's upcoming EU council presidency ponders future of linguistic diversity” (en). The Parliament Magazine (2021-07-30). Dáta rochtana: 2021-11-08.
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Catalan News Agency.
- ↑ “International Manifesto in Support of Catalonia's Right to Freedom as a People - The Bullet” (en-US). Socialist Project (2021-05-31). Dáta rochtana: 2021-11-08.
- ↑ “Who | The Digital Language Diversity Project”. Digital Language Diversity Project. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 November 2021. Dáta rochtana: 2021-11-08.