An Bhablóinia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de geografia políticaAn Bhablóinia
Shamash-sun-symbol (3 rays).svg
Hammurabi's Babylonia 1.svg
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Babylone 1-es.svg
 32°30′N 44°30′E / 32.5°N 44.5°E / 32.5; 44.5

Príomhchathair An Bhablóin Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú 19 century "BCE"
Díscaoileadh 539 "BCE"

Stát cianársa agus réigiún cultúrtha i lár agus i ndeisceart na Measpatáime (an Iaráic agus cuid den tSiria sa lá atá inniu ann) ab ea an Bhablóinia (Acáidis: 𒆳𒆍𒀭𒊏𒆠, māt Akkadī). Tháinig stát beag chun cinn sa bhliain 1894 RC, faoi riail na nAmórach, ina raibh mionbhaile riaracháin na Bablóine.[1] Baile beag cúigeach a bhí sa Bhablóin le linn Impireacht na hAcáide (2335–2154 RC), ach leathnaigh sí go mór le linn réimeas Hamúráibí sa chéad leath den 18ú haois RC go dtí go raibh sí ina príomhchathair mhór. Le linn réimeas Hamúráibí agus ina dhiaidh sin, thugadh “tír na hAcáide” (Māt Akkadī san Acáidis) ar an mBablóinia, seanainm a roghnaíodh d'aon ghnó mar thagairt do sheanghlóir Impireacht na hAcáide.[2][3] Ba mhinic a bhí an Bhablóinia in iomaíocht leis an Aisiria, stát níos sine ar a taobh ó thuaidh, agus le hÉalám, soir ón Bhablóinia sa tSean-Iaráin. Bhí an Bhablóinia ina mórchumhacht sa réigiún ar feadh tamaill bhig, tar éis do Hamúráibí impireacht a chruthú a tháinig i gcomharbacht ar Impireacht na hAcáide, ar Thríú Ríshliocht Ur, agus ar Shean-Impireacht na nAisiriach. Thit Impireacht na Bablóinia as a chéile go tapa tar éis bhás Hamúráibí go dtí go raibh sí ina ríocht bheag arís.

Cosúil leis an Aisiria, choinnigh stát na Bablóinia an Acáidis scríofa (teanga a phobail dhúchais) le haghaidh úsáide oifigiúla, cé gur labhair na hAmóraigh (bunaitheoirí an stáit) teanga Sheimíteach Thiar Thuaidh, agus labhair na Casaítigh (a tháinig i gcomharbacht ar na hAmóraigh) teanga aonraíoch. D'úsáid an Bhablóinia an tSuiméiris i gcúrsaí creidimh, mar a rinne san Aisiria, ach faoin am a bunaíodh an Bhablóin, ní raibh an tSuiméiris ina teanga labhartha a thuilleadh, tar éis don Acáidis teacht ina háit go hiomlán. D'imir na traidisiúin Acádacha agus Suiméaracha tionchar mór ar chultúr na Bablóine agus na hAisiria, agus d'fhanfadh an réigiún ina lárionad tábhachtach cultúrtha, fiú le linn tréimhsí fada faoi riail ón taobh amuigh.

Bhí cathair na Bablóine luaite den chéad uair ar tháibléad cré ó réimeas Sargón na hAcáide (2334–2279 RC), ag dul siar go dtí an 23ú haois RC. Ní raibh sa Bhablóin ag an am sin ach lárionad creidimh agus cultúir; ní raibh sí ina stát neamhspleách ná ina cathair mhór fós. Cosúil leis an gcuid eile den Mheaspatáim, bhí sí faoi ghéillsine Impireacht na hAcáide a d'aontaigh iomlán cainteoirí na hAcáidise agus na Suiméirise faoi riail amháin. Tar éis titim Impireacht na hAcáide, bhí deisceart na Measpatáime faoi riail na nGútach ar feadh cúpla scór bliain sular tháinig Tríú Ríshliocht Ur chun cinn, stát a chuimsigh an Mheaspatáim ina hiomláine (seachas tuaisceart na hAisiria), an Bhablóin san áireamh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. F. Leo Oppenheim, Ancient Mesopotamia
  2. Aliraqi - Babylonian Empire”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-02-21. Dáta rochtana: 2015-02-21.
  3. Babylonian Empire - Livius”.