An Afraic Theas v. Iosrael (Coinbhinsiún um Chinedhíothú)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Afraic Theas v. Iosrael
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cineálcás dlí Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe29 Nollaig 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharallegations of genocide in the 2023 Israeli attack on Gaza (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Gearánaían Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Cosantóir
Cúiseamhcinedhíothú Cuir in eagar ar Wikidata
Cúirtan Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
11 Eanáir 2024
12 Eanáir 2024
26 Eanáir 2024 Interim judgment by ICJ in the case of South Africa against Israel (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Ar 29 Nollaig 2023, thug an Afraic Theas cás dlí in aghaidh na nIosraelach faoin gcinedhíothú a mhaítear ar Phalaistínigh Gaza,[1][2] An Afraic Theas v. Iosrael (Coinbhinsiún um Chinedhíothú).[3][4] Tá sé curtha i leith na nIosraelach ag an Afraic Theas go bhfuil cinedhíothú ar bun acu in Gaza.[5] Tá an Afraic Theas á mhaíomh gurb é rún Iosrael in Gaza ná “cuid mhór de ghrúpa náisiúnta, eitneach agus cine Palaistíneach a scrios”.[6]

Dar leis an Afraic Theas go bhfuil Airteagal 2 den Choinbhinsiún maidir le Cinedhíothú (1948) sáraithe ag na hIosraelaigh san iamhchríoch Phalaistíneach. Deir an Afraic Theas go bhfuil patrún córasach le feiceáil in iompar na nIosraelach in Gaza ar féidir a mhaíomh dá bhíthin gur cinedhíothú atá ar bun acu ann.[5]

De réir réamhordú ar an 26 Eanáir 2024 sa Háig, d’fhógair an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza.[7][8][9] Ciallaíonn na téarmaí a úsáideach go gceaptar go bhfuil sé inchreidte go bhfuil cinedhíothú tar éis tarlú.

Tabharfaidh an CBI a bhreithiúnas críochnúil i gcúpla bliain.

Tá cás eile ar siúl ag an am céanna: Scrúdú na Cúirte Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le forghabháil na Iosraelach ar chríocha Palaistíneacha.

éisteachtaí phoiblí sa Háig, an 'Peace Palace'
éisteachtaí phoiblí sa Háig, an 'Peace Palace'

An cás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúisimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir an Afraic Theas i leith Iosrael gur cinedhíothú an aidhm réamhbheartaithe a bhí lena gcuid gníomhartha in Gaza.[10] “Léiríonn na gníomhartha seo ar fad, ina n-aonar agus i dteannta a chéile, patrún iompair réamhbheartaithe ag Iosrael a chuireann cuspóir cindhíothach in iúl,” a dúirt Adila Hassim, abhcóide de chuid Ard-Chúirt na hAfraice Theas. "“Gach uile lá táthar ag cur le líon na marbh agus leis an scrios ar mhaoin, dínit agus daonnacht phobal na Palaistíne, scrios nach féidir a chur ina cheart go brách.”[6] Dar léi, mar fhianaise ar rún cinedhíothach :

  • Airm ollscriosta. Ba léir rún Iosrael cinedhíothú a dhéanamh sa tslí ar dhírigh siad ar Phalaistínigh in Gaza le hairm a dhéanann mórscrios agus sa tslí a ndearna siad naoscaireacht ar shibhialtaigh.
  • Mí-ionracas. Rinneadh Iosrael buamáil a ar áiteanna a bhí fógartha ag Iosrael ina dtearmainn do theifigh.
  • Ganntanas agus díothacht. Ceileadh ar mhuintir Gaza bunriachtanais na beatha – bia, uisce, cúram sláinte, breosla, córas séarachais agus córas cumarsáide.
  • Ionsaí ar sibhialtaigh neamhchiontacha. Scriosadh tithe, scoileanna, moscanna, séipéil agus ospidéil. Mharaigh Iosrael nó gur ghortaigh siad go dona líon mór páistí agus gur fhág siad go leor páistí ina ndílleachtaí.
  • Fógraí intuigthe. Ón “leibhéal is airde” de stát Iosrael a tháinig an plean Gaza “a scrios”.[6] D'fhógair Benjamin Netanyahu agus polaiteoirí de chuid Iosrael i bhfad amach ar an eite dheis go mbeadh léirscrios ann. Rinne Netanyahu féin ráitis ghránna.[11][12][13] Mar sin, maíodh sa chúirt gur ón “leibhéal is airde” de stát Iosrael a tháinig an plean Gaza “a scrios”.
  • Patrún. “Ní thugtar réamhfhógra riamh faoi chinedhíothú ach tá sé de bhuntáiste ag an gcúirt seo go bhfuil fianaise dhobhréagnaithe 13 seachtain againn a léiríonn patrún ó thaobh iompair agus cuspóra atá mar bhunús bailí leis an maíomh gur gníomhartha cinedhíothacha atá i gceist,” a dúirt Adila Hassim.

Bhí an Afraic Theas ag iarraidh go n-ordófaí d’Iosrael éirí as an gcogadh láithreach agus an cogadh i nGaza a chur ar fionraí láithreach.[10]

Cosaint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhaígh cosaint Iosrael go raibh údar dlisteanach lena n-ionsaithe ar Gaza i bhfianaise ionradh Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair.[14]

Dúirt Iosrael nach raibh an IDF (Israel Defence Forces nó Airm Iosrael)[15] ag díriú ar shibhialtaigh, agus níor áiríodh sibhialtaigh mar thargaidí.

Réamhrialú agus réamhordú, 26 Eanáir 2024[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhógair an CBI go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza. De réir an rialaithe, a tugadh sa Háig, tá ar Iosrael a dhícheall a dhéanamh gan cinedhíothú a ligean, agus gan fianaise gur tharla cinedhíothú a scriosadh.[7][8][9]

Ciallaíonn na téarmaí a úsáideach go gceaptar go bhfuil sé inchreidte go bhfuil cinedhíothú tar éis tarlú.

Tuairimí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir ionadaithe ón Afraic Theas, a thug an cás os comhair na Cúirte, fáilte roimh an bhreithiúnas.

Cháin airí ó Iosrael cinneadh agus údarás na Cúirte.

Níos déanaí, 2024 -[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tairseach sách ard ag baint le breithiúnas go bhfuil cinedhíothú á dhéanamh, agus tá gach éinne gafa leis an gceist cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an tairseach sin bainte amach ag Iosrael in Gaza. Tá go leor coireanna eile atá bainteach le cinedhíothú go bhféadfaí Iosrael a chiontú iontu – comhcheilg chun cinedhíothú a dhéanamh, gríosú chun cinedhíothú a dhéanamh, iarracht chun cinedhíothú a dhéanamh nó claonpháirtíocht i gcinedhíothú. [16]

Ag an am céanna, bhí Netanyahu agus a leithéid ag súil le líomhain an fhrithSheimíteachais a úsáid mar sciath chosanta.[16]

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní ag tacú le cás na hAfraice Theas ná ag cur ina aghaidh a bheas Rialtas na hÉireann.[5] D'fhógair an Tánaiste Micheál Martin ar 27 Márta 2024 go bhfuil Éire chun "idirghabháil a dhéanamh" sa chás faoi dheireadh, rud a rinne tíortha go leor eile roimh Éire.[17][18]

Blinne Ní Ghrálaigh mar chuid d’fhoireann na hAfraice Theas. Dar léi, tá muintir Gaza ar an gcéad dream riamh a raibh a gcinedhíothú á chraoladh ar fud an domhain acu de réir mar a bhí sé ag tarlú.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2024-01-11). "Tús sa Háig le cás na hAfraice Theas in aghaidh Iosrael" (as ga-IE). 
  2. Nuacht RTÉ (2024-01-12). "'Tá "léamh iomlán eile" ag an Afraic Theas ar an bhfírinne'" (as ga-IE). 
  3. "Allegations of genocide in the 2023 Israeli attack on Gaza" (as en) (2024-01-12). Wikipedia. 
  4. "Palestinian genocide accusation" (as en) (2024-01-12). Wikipedia. 
  5. 5.0 5.1 5.2 Nuacht RTÉ (2024-03-27). "Rialtas le hidirghabháil a dhéanamh sa chás in aghaidh Iosrael" (as ga-IE). 
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 "Dlíodóir a sheas ar son chearta teanga na nGael ag cur comhairle ar fhoireann dlí na hAfraice Theas san Háig" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-12). Dáta rochtana: 2024-01-28.
  7. 7.0 7.1 Conradh na Gaeilge, Londain (27 Eanáir 2024). "‎Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-01-28.
  8. 8.0 8.1 icj-cij.org/ (26 Eanáir 2024). "APPLICATION OF THE CONVENTION ON THE PREVENTION AND PUNISHMENT OF THE CRIME OF GENOCIDE IN THE GAZA STRI (SOUTH AFRICA v. ISRAEL)". Dáta rochtana: 2024.
  9. 9.0 9.1 "Application of the Convention on the Prevention and Punishment of the Crime of Genocide in the Gaza Strip (Sou". www.icj-cij.org. Dáta rochtana: 2024-01-28.
  10. 10.0 10.1 "‘Cinedhíothú’ aidhm ‘réamhbheartaithe’ Iosrael in Gaza, a deir an Afraic Theas san Háig" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-11). Dáta rochtana: 2024-01-13.
  11. Ian M. Giatti, Christian Post Reporter (2023-10-31). "'Remember what Amalek has done to you': Netanyahu compares Hamas to rival of the Israelites" (en-US). The Christian Post. Dáta rochtana: 2024-01-13.
  12. "Netanyahu cites 'Amalek' Theory to justify Gaza Killings". The Times of India (2023-10-29). Dáta rochtana: 2024-01-13.
  13. Ar 29 D.F. 2023, labhair sé faoi Leabhar Samuél, nú Ríthe  leabhar a haon:  "Seo mar adeir Tiarna na sló. Tá léirmheas déanta agam ar ar dhein Amalec in aghaidh Israél, conas mar ’ chuir sé orthu sa tslí nuair a bhíodar ag teacht aníos as an Éigipt.  Imigh anois, dá bhrí sin, agus buail Amalec agus ídigh, amu’ ’s amach, gach ní dá bhfuil aige. Ná spáráil é, agus ná sanntaigh aon ní is leis, ach mairbh idir fear agus bean agus leanbh agus naíon ag deól, damh agus caíora, camall agus asal."
  14. mhaíonn Iosrael "go bhfuil údar bailí lena n-ionsaithe ar Gaza i bhfianaise ionradh Hamas" ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 (tuairisc.ie)
  15. IDF (2024). "We are the Israel Defense Forces Defense is our mission, security is our goal.". www.idf.il. Dáta rochtana: 2024-01-13.
  16. 16.0 16.1 Fachtna Ó Drisceoil (3 Aibreán 2024). "An baol ann gur gorta agus cinedhíothú an oidhreacht bhuan a bheidh ag Iosrael in Gaza" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-05.
  17. Sandra Hurley (2024-03-27). "Govt to intervene in SA genocide case against Israel" (as en). 
  18. Conradh na Gaeilge, Londain (30 Márta 2024). "‎Nuacht Mhall (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-31.