Amhlaoibh Mór mac Fir Bhisigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAmhlaoibh Mór mac Fir Bhisigh
Beathaisnéis
Bás1138 (Féilire Ghréagóra)
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, file Cuir in eagar ar Wikidata

File, staraí agus cléireach Éireannach ba ea Amhlaoibh Mór mac Fir Bhisigh, bás 1138.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Insítear ina thásc i nAnnála Tiarnaigh:[1]

Amlaim Mor mac Firbisigh, ollam O Fiachrach uile re senchus & re filidhecht, & sái clerigh co m-bethaigthib[2] ecailsi imda,[3] & togha do Cunga, & a ec and iar m-buaidh[4] ongtha & aithrige.

Is suntasach é na ceirdeanna staraí agus file seo i dteannta le post cléireach ó thaobh bhunús na dteaghlach léannta in Éirinn Gaelach na meánaoise déanaí. Seachas Amlaoimh, áfach, is beag fianaise atá ann i gcomhair saol eaglasta Chlann Fhir Bhisigh roimh a dteacht chun cinn mar saoithe traidisiúnta.[5]

Dar lena shliochtach comhthaobhach, Dubhaltach Mac Firbhisigh (bás 1671), bhí beirt deartháireacha ag Amhlaoibh: Giolla Pádraig, sinsear Chlann Fhir Bhisigh agus Dubhaltaigh féin; agus Lachtna, sinsear a deirtear Uí Lachtna sna Connachta.

Bhí mainistir Chonga bunaithe ag Toirdhealbhach Ua Conchobhair, rí na gConnacht (1088–1156), am éigin timpeall na bliana 1130, tar éis di bheith deimhniú ina cathaoir easpaig ag Sionad Ráth Breasail sa bhliain 1111. Agaistínigh ba ea na manaigh inti. Ionsaíodh agus dódh í sna blianta 1114, 1135 agus 1137.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Nollaig Ó Muraíle, The Celebrated Antiquary, An Sagart, Maynooth, 1996; athchló 2003. ISBN 1-903896-05-3; ISSN 0790-8806.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála Tiarnaigh, AT 1138.7
  2. bethaigid (b), beathaigh tacaigh, ar eDIL
  3. imdae, iomdha, iomaí, ar eDIL
  4. 1 búaid, bua, ar eDIL
  5. Nollaig Ó Muraíle, 1996, lch. 2