Amharc boinn ghoirm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Amharc boinn ghoirm

Bealach chun íomhánna a chuingriú i gcineamatagrafaíocht is teilifís trí chodanna den ghníomhú sa réamhionad a ghlacadh os comhair boinn ghil ghoirm, agus ansin forshuite ar an amharc cúlionaid a taifeadadh le ceamara eile. I bpictiúir reatha is gá dearbhchlóbhualadh casta a dhéanamh sa tsaotharlann, ach sa teilifís is féidir é a dhéanamh go leictreonach leanúnach. Leis an teicníocht seo is féidir raon leathan iomrall a bhaint amach: mar shampla, an dealramh a chur ar an scéal go bhfuil aisteoirí, atá le fírinne sa stiúideo, ar láthair andúchasach ar an taobh eile den Domhan, ar an nGealach, nó ag eitilt tríd an aer.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Amharc boinn ghoirm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 35.