Amfataimín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí DrugaAmfataimín
SpriocghalarNeamhord Easnamh Airde, narcaileipse agus murtall
Sonraí cliniciúla
Riosca le linn toirchisUS pregnancy category C (en) Aistrigh
Grúpa cógaseolaíochtaamfataimín agus 1-phenylpropan-2-amine alkaloid (en) Aistrigh
Cód ATCN06BA01
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha
FoirmleC9H13N
Mais mhóilíneach135.104799 Da
Dlús0.936 g/m³
Leáphointe11.3 °C
Fiuchphointe203 °C
Aitheantóirí
Uimhir CAS300-62-9
PubChem (SID)3007
IUPHAR/BPS4804
DrugBank00182
ChemSpider13852819
UNIICK833KGX7E
KEGGC07514
ChEBI132233
ChEMBLCHEMBL405
ECHA100.005.543
Amfataimín

Spreagthach cumasach don néarchóras lárnach, agus neamhchodladh, aireachas, giúmar is féinmhuinín ardaithe, is béalscaoilteacht mar thoradh air, chomh maith le feabhsú i ndéanamh tascanna simplí meabhracha is fisiciúla.

Ar dtús, laghdaíonn sé an goile. Baintear mí-úsáid go han-choitianta as chun fuinneamh is airdeall a mhéadú, ach le ró-úsáid éiríonn duine neamh-mhothálach dó agus bíonn tuirse is dúlagar air. Bhaintí feidhm as tráth chun cabhrú le daoine meáchan a chailliúint, ach ní cheadaítear é sin anois mar gheall ar na fadhbanna andúile is neamh-mhothálachta.

Uaireanta úsáidtear é chun páistí le neamhord easnamh airde a chóireáil, ach is gá an chóireáil a bheith gearrthéarmach chun neamhoird mheabhracha cosúil le paranóia nó síocóisí eile a sheachaint.

Tugtar ‘luas’ (nó speed an focal Béarla go minic) air ina dhruga mí-úsáide, agus déantar go mídhleathach é i bhfoirm púdair a smúrtar nó a instealltar.

Bhíodh sulfáit amfataimín le fáil uair amháin faoin trádainm Benzedrine, ach anois is sulfáit deistreamfataimín atá ar fáil ar oideas dochtúra faoin trádainm Dexedrine.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Amfataimín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 35.