Paranóia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarParanóia
Cineálschizophrenia spectrum disorder (en) Aistrigh agus siomptóm néareolaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighissíciatracht, síceolaíocht agus síciteiripe Cuir in eagar ar Wikidata
Cliniciúil
ComharthaíParanoid Behavior (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Mesurat perMinnesota Multiphasic Personality Inventory (en) Aistrigh agus SWAP-200 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
Éifeachtparanoial delusion (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10F22.0 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9297.1 agus 297.2 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0199121 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD010259 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC1456784 Cuir in eagar ar Wikidata

Deirtear go bhfuil paranóia (nó paranáia, de réir an litrithe a d'úsáid Colmán Ó Huallacháin i bhFoclóir Fealsaimh) ar an duine atá chomh buartha faoina shlándáil féin is nach bhfuil an imní nó an eagla seo ag luí le réasún a thuilleadh. An duine a bhfuil paranóia ag luí air, creideann sé go tipiciúil go bhfuil géarleanúint ag bagairt air, agus tá sé de chlaonadh ann teoiricí seafóideacha comhcheilge a ghlacadh dáiríre.

Tá an téarma féin bunaithe ar an bhfocal Gréigise παράνοια a chiallaíonn, go bunúsach, buile nó mire, agus go traidisiúnta, is é an bhrí a bhí leis an bhfocal sa tsiciatracht ná ciméara nó seachrán intinne. D'athraigh an coincheap féin de réir a chéile i stair na siciatrachta, áfach, agus inniu féin is iomaí ciall a bhaintear as.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]