Neamhord easnamh airde
Jump to navigation
Jump to search
Is éard is Neamhord easnamh airde nó neamhord hipirghníomhaíochta easnamh airde (ADHD) ann ná neamhord ina mbíonn fadhbanna le haird, hipirghníomhaíocht agus iompar taghdach a thosaíonn idir 6 agus 12 bliana, a mhaireann 6 mhí ar a laghad. Ina measc siúd atá ar scoil is feidir leis an neamhord drochiompar nó drochchaighdeán foghlamtha ar scoil. I bpáistí go háirithe, tarlaíonn raon neamhord, ina measc dianmhachnamh lag, hipirghníomhaíocht, agus deacrachtaí foghlama. Uaireanta úsáidtear amfataimín chun páistí le neamhord easnamh airde a chóireáil, ach is gá an chóireáil a bheith gearrthéarmach chun neamhoird mheabhracha cosúil le paranóia nó síocóisí eile a sheachaint.