Alpha Centauri

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alpha Centauri

Tríréalta a bhfuil Proxima Centauri ann, an réalta is gaire don Domhan seachas ár nGrian féin. Chomh fada sin amach uainn go dtógann sé 4.3 bliain ar sholas teacht uaidh don Domhan, is é sin, tá sé 4.3 solasbhliain amach uainn. As an 6,000 réalta a bhíonn infheicthe ag an tsúil sa spéir istoíche, bíonn sé go híseal sa spéir ó dheas, agus is é an 3ú réalta ar scála na lonrachta é. Ach ní féidir é a fheiceáil in aon chor ag domhanleithead níos mó ná timpeall 28° thuaidh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Alpha Centauri". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 32.