Alfred Chester Beatty
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Feabhra 1875 Nua-Eabhrac, New York |
Bás | 19 Eanáir 1968 92 bliana d'aois Monte Carlo, Monacó |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Fu Foundation School of Engineering and Applied Science (en) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Baile Átha Cliath (1950–1969) Londain (1913–1950) Nua-Eabhrac (1895–1913) |
Gairm | bailitheoir ealaíne, seandálaí, duine den lucht gnó |
Tréimhse oibre | 1895 – 1968 |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Edith Dunn Beatty |
Páiste | Alfred Chester Beatty |
Athair | John Cuming Beatty agus Hetty Bull |
Gradam a fuarthas | |
Fear gnó agus bailitheoir ab ea Sir Alfred Chester Beatty (1875 – 19 Eanáir 1968)
Meiriceá
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh é i gCathair Nua-Eabhrac sa bhliain 1875. Ba é an duine ab óige de thriúr mac.
Bailitheoir stampaí, mianraí agus buidéal snaoise Síneach ab ea é ina óige.
Tar éis a chuid scolaíochta i Nua-Eabhrac, bhain sé céim amach mar innealtóir miandóireachta ó Ollscoil Columbia.
Chuaigh sé go Denver agus thosaigh sé ag bun an scála ag sluaisteáil carriage i mianaigh. D’oibrigh sé go dian agus bhain sé clú idirnáisiúnta amach go pras mar innealtóir mianadóireachta. Bhí an leasainm 'Rí an Chopair' air. Bhunaigh sé comhairleacht miandóireachta fíor-rathúil i Nua-Eabhrac i 1908. Bhí sé pósta le Grace Madeleine Rickard ag an am seo agus bhí beirt pháistí acu. Fuair sí bás le fiabhras tíofóideach sa bhliain 1911, áfach.
An Bhreatain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus é in easláinte, chuaigh Beatty go dtí an Bhreatain. Bhunaigh sé comhairleacht nua i Londain agus cheannaigh sé Teach Baroda i nGairdíní Phálas Kensington a bhliain 1912. I 1913, phós sé Meiriceánach eile, Edith Dunn. Bhí sé ag bailiú ar bhonn níos fairsinge anois, agus é ag ceannach lámhscríbhinní Eorpacha agus Peirseacha. Cuireadh a shuimeanna ar bhealach nua nuair a bhí sé féin agus a bhean nua san Éigipt i 1914, mar cheannaigh sé roinnt cóipeanna maisithe den Koran sna basáir. Spreagadh a shuim i bpéintéireacht Shíneach agus Sheaipíneach agus é san Áise i 1917.
Tarraingíodh a shúil ar ábhar fíormhaisithe, peannaireacht álainn agus ceangal bhreátha, ach bhí luí aige le téacsanna a chaomhnú dá luacht stairiúil. Rinne Chester Beatty cion mór do sholáthar amhábhar straitéiseach do na Comhghuaillithe le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus rinneadh ridire de ina dhiaidh sin.
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 1950, d’aistrigh Chester Beatty a bhailiúchán go Baile Átha Cliath. Bhí leabharlann aige don bhailiúchán, agus osclaíodh í sa bhliain 1954. Bronnadh an chéad saoránacht oinigh Éireannach riamh air I 1957. Fuair Chester Beatty bás sa bhliain 1968, agus tá a uaigh suite i Reilig Ghlas Naíon. Fágadh a bhailiúcháin le huacht chun leas an phobail, agus ceann d’institiúidí náisiúnta na hÉireann is ea Leabharlann Chester Beatty ag Caisleán Bhaile Átha Cliath anois.