Aldaistéarón
Saghas hormóin (mianracortacóid) a tháltar ón gcoirtéis aidréineach isteach sa bhfuil. Is é a phríomhról i ndaoine athionsú sóidiam is eisfhearadh potaisiam a spreagadh sna duáin, chun cothromaíocht na leictrilítí is an uisce a choinneáil. Má tháltar farasbarr den hormón seo tarlaíonn ídiú potaisiam, coinneáil sóidiam is hipirtheannas, riocht a dtugtar aldaistéarónacht air.
![]() | Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |