Jump to content

Alabhaítigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAlabhaítigh
(ar) علويون Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálreligious group (en) Aistrigh
seict Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Bunaitheoir(í)Ibn Nusayr (en) Aistrigh agus Al-Khaṣībī (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Cuid deIoslam Cuir in eagar ar Wikidata

Mionlach is ea na hAlabhaítigh, nó an pobal Alabhaí,[1] sa tSiria – tuairim is 10-15% den daonra. Is Siaigh iad, ach níl gach duine ar aon intinn leis an tuairim sin. Baineann an pobal Alabhaíteach le leagan ar leith den chreideamh Siach.

Ba iad na hAlabhaítigh an dream ba chumhachtaí le linn réimeas an deachtóra Bashir Assad i bPoblacht Arabach na Siria. Is é ceantar Latakia in iarthuaisceart na Siria a gceantar dúchais, an t-aon chuid den tír atá buailte leis an bhfarraige.

Is Sunnaígh iad an chuid is mó den daonra sa tSiria. Áirítear na hAlabhaítigh i measc na mionlach eile sa Siria : Coirdínigh, Críostaithe agus Palaistínigh.

Tá pobail Alawite luaite leis an iar-uachtarán Bashar al-Assad fós. Bhí cumhacht díréireach ag na hAlabhaítigh ar an tír go dtí gur cloíodh al-Assad sa bhliain 2024. Nuair a thit an réimeas Ba’atach, chaill an pobal Alabhaíteach tionchar agus cumhacht go huile is go hiomlán.[2]

Is deargnaimhde iad na hAlabhaítigh ag na Sunnaígh antoisceacha, ach is deargnaimhde iad le stát Iosrael os rud é gurb na Ba’ataigh (agus dá bhrí sin na hAlabhaítigh) a thugann tacaíocht do Hezbollah sa Liobáin go stairiúil.

Ansin cuireadh an pobal Alabhaí faoi bhrú nuair a dhaingnigh na ceannaircigh a ngreim ar an tír.

Féach freisin    

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Alawite
  2. Cathal Ó Murchú – An Páipéar (2025-03-21). "Cinedhíothú faoi Chiúnas i gcoinne an Phobail Alabhaítigh" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-26.