Aimíonaigéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aimínaigéad)
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAimíonaigéad

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachaicme struchtúrtha ian
Eile
amfaiteireacht
Struchtúr móilíneach Fheiniolalainín.

Sa cheimic, is móilín é an t-aimíonaigéad ina bhfuil feidhmghrúpaí aimíní agus carbocsailí le chéile ann. Sa bhithcheimic, tagraíonn an téarma seo d'alfa-aimíonaigéid leis an fhoirmle ghinearálta H2NCHRCOOH, arb ionann R agus malartaí orgánach. Sna halfa-aimíonaigéid, tá na grúpaí áimíní agus carbocsaláití greamaithe chuig an carbón céanna, glaoite an 'α–charbón'. Bíonn an bunstruchtúr céanna ag na haimíonaigéid ar fad. Tá adamh carbóin (C) acu ar fad sa lár, agus ag dul amach uaidh sin mar gha, - aimínghrúpa NH2 (acailceach), grúpa carbocsaile - COOH (aigéad) agus adamh hidrigine atá i gcoiteann ag an haimíonaigéid ar fad. Chomh maith leis sin, bíonn adamh/grúpa eile ag na haimíonaigéid ar fad. Athraíonn sé seo ag brath ar an aimíonaigéad. Tá difríocht idir na halfa-aimíonaigéid de réir an cineál taobhshlabhra (R-ghrúp) atá ceangailte chuig a gcarbón-alfa.

Tá éagsúlacht mhór iontu ó thaobh toise, níl ach hidrigin amháin ag glicín, grúpa meitile ag alainín agus grúpa mór heitreafháinneac ag tripteafan.

R-Ghrúpa ar an taobhsleabhra.

Ar leith ó na haimíonaigéid atá faighte i ngach beathachruth, tá ról ríthábhachtacha ag aimíonaigéid neamhnádúrtha san earnáil tionsclaíochta agus teicneolaíochta, mar shampla, Is alfa-aimíonaigéid iad an t-oibreáin chrágtha EDTA agus an t-aigéad nítríl trí-aicéiteach atá tábhachtach i dtionscal na gceimiceán.

Forbhreathnú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na haimíonaigéid-alfa blocanna tógála an mhóilín próitéine. Tagann aimíonaigéid le chéile in imoibriú ceimiceach comhdhlúthúcháin, trí díhiodráitiú sintéise, a scaoileann uisce agus "an t-iarmhar aimíonaigéideach" nua, a bhíonn ceangailte le chéile le nasc peiptídeach.

Tá 20 aimíonaigéad coitianta ann le próitéiní a fhoirmiú, sainithe ag an cód géiniteach. Is de thoradh líon na n-aimíonaigéad agus an seicheamh ina bhfuil siad socraithe a foirmítear próiteiní ar leith. Níl sé neamhchosúil leis an gcaoi a ndéantar focail as an aibítir. Féadtar líon mór millteach focail a dhéanamh as 26 litir na haibtíre. Bíonn roinnt mhaith aimíonaigéad i bpróitéiní simplí fiú amháin, e.g. tá thart ar 50 aimíonaigéad in inslin (próitéin), tá 500 in haemaglóibin agus tá os cionn 4500 aimíonaigéad in uireás (próitéin in pónairí soighe).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]