Ailtireacht na Seapáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ailtireacht na Seapáine

Bunaithe, cosúil le hailtireacht na Síne, ar cholúin is frámaí adhmaid, le spiaraí neamhstruchtúrtha neamhualaithe adhmaid nó páipéir, maisiúcháin nádúraíocha fhíneálta achrannacha, díonta ceannasacha starracha as ábhair éagsúla, eagar ordaithe de cholúin, cuaillí, braic coirnise is rachtaí coirnise. Na foirgnimh is ársa atá fós ina seasamh, is foirgnimh reiligiúnda iad, cosúil leis an mainistir Bhúdach i Hōryū-ji ón 7ú céad. Tógadh cuid mhaith caisleán sa 16ú-17ú céad. Na gnáth-thithe, is tithe aon stór iad le dearadh dronuilleogach. Rinne Frank Lloyd Wright is Antonin Raymond obair sa tSeapáin sa chéad leath den 20ú céad agus chuir tús le tionchar iartharach ar ailtireacht sa tír. Bailchríocha air sin ab ea an Staid Spóirt Oilimpeach i dTóiceo (1963-1964), dearadh a lean sampla Le Corbusier, saothar Kenzo Tange (1913-2005), agus saothar Meitibilíoch Kisho Kurosawa is Arata Isozaki ó na 1960idí ar aghaidh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht na Seapáine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 21.