Le Corbusier

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Le Corbusier
Le Corbusier (1964).jpg
Saol
Ainm iomlánCharles-Edouard Jeanneret
Eolas breitheLa Chaux-de-Fonds, 6 Deireadh Fómhair 1887
NáisiúntachtAn Eilvéis
Frainc
BásRoquebrune-Cap-Martin, 27 Lúnasa 1965
Áit adhlacthaRoquebrune-Cap-Martin
Cúis bháisbás nádúrtha (ionfharchtadh miócairdiach)
Muintir
AthairGeorges-Édouard Jeanneret
Céile/CéilíYvonne Le Corbusier (en) Aistrigh
Siblíní
liosta iomláin
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
Teangachaan Fhraincis
MúinteoiríAuguste Perret (en) Aistrigh
Mic léinnOlivier Debré
Gairm
Gairmailtire, péintéir, scríbhneoir, pleanálaí, grianghrafadóir agus maisitheoir
Saothar iomráiteachNotre Dame du Haut (en) Aistrigh
Villa Savoye (en) Aistrigh
Unité d'habitation (en) Aistrigh
Radiant City (en) Aistrigh
Tsentrosoyuz building (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
National Academy of Fine Arts (Argentina) (en) Aistrigh
Congrès Internationaux d'Architecture Moderne
Accademia delle Arti del Disegno (en) Aistrigh
Gluaiseachtailtireacht nua-aimseartha
brúidiúlachas
purism (en) Aistrigh
IMDbnm0179285
Discogs ID3023062
Le Corbusier signature.svg

Ailtire agus dearthóir intí ba ea Charles-Édouard Jeanneret-Gris, nó Le Corbusier (6 Deireadh Fómhair 188727 Lúnasa 1965), ceannródaí an deartha agus na hailtireachta sa 20ú haois.

Ailtireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

1933

Tháinig forbairt ar a smaointe i bPáras i gcoinne an chúlra bríomhar ealaíonta sna 1920idí. I saol an deartha, bhí cur chuige nua aige maidir le cruth, líne, úsáid dathanna, ábhair agus uigeachtaí (Íonaíochas) , ach tá íogaireacht dhaonna a saothair fós ag spreagadh dearthóirí sa lá atá inniu ann.

Dhear sé roinnt mhaith foirgneamh san Eoraip, agus d'oibrigh sé ag pleanáil cathracha chomh maith.

Baineann a dhearadh dealbhach brúidiúil, mar a thugtar air, úsáid as comhcheangail neamhchoitianta ábhar: coincréit amh, miotal rioctha is a leithéid.

Ba ealaíontóir avant garde a bhí ann, agus bhí sé go síoraí ag obair le gluaiseachtaí ealaíne nua. Bhí sár-tionchar aige ar ailtireacht agus b'é gan dabht, an t-ailtire Eorpach ba cháiliúla sa 20ú haois.

1965

Troscán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhear Le Corbusier troscán freisin. Thug sé a troscán nua-aimseartha agus maisiú inmheánach drámatúil, íostach le chéile trí úsáid a bhaint as coincheapa nuálacha maidir le dathanna, uigeachtaí agus ábhair.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh agus tógadh Charles-Édouard Jeanneret-Gris i La Chaux-de-Fonds, baile i dtuaisceart na hEilvéise.

Sa bhliain 1908 bhog sé go Páras na Fraince agus d'oibrigh sé le Auguste Perret go dtí 1910.

D'oibrigh sé leis an ailtire Peter Behrens ansin i 1910-1911 agus d'fhoghlaim sé an Ghearmáinis.

Thaisteal sé timpeall na hEorpa sa bhliain 1911.

Sa bhliain 1917, bhunaigh sé féin agus a chol ceathrar, Charles Jeanneret, comhlacht ailtireachta san Eilvéis.

Villa turc (Schwob), La Chaux-de-Fonds 1916

Sa bhliain 1918 casadh sé le Amédée Ozenfant.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé ag snámh san fharraige in aice le Monaco nuair a bhuail taom croí é, ar an 27 Lúnasa 1965. Bhí sochraid ollmhór air sa Louvre i bPáras.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Charles-Édouard Jeanneret[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le Corbusier[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Après le cubisme, avec Amédée Ozenfant, Páras 1918
  • Vers une architecture, Páras 1923
  • Urbanisme, Páras 1924
  • L'art décoratif aujourd'hui, Páras 1925
  • Almanach d'architecture moderne, Páras 1925
  • Architecture d'époque machiniste, Páras 1926
  • Requête adressée à la Société des Nations, avec Pierre Jeanneret, Páras 1928
  • Une maison, un palais, Páras 1928
  • Le Corbusier, Weissenhof, Stuttgart, 1937
    Précisions sur un état présent de l'architecture et de l'urbanisme, Páras 1930
  • Clavier de couleur Salubra, Bâle 1931
  • Requête à Monsieur le président du Conseil de la Société des Nations, avec Pierre Jeanneret, Páras 1931
  • Croisade ou le crépuscule des académies, Páras 1933
  • La ville radieuse, Boulogne, 1935
  • Aircraft, Londres - Nua-Eabhrac 1935
  • Quand les cathédrales étaient blanches, Páras 1937
  • Les tendances de l'architecture rationaliste en rapport avec la peinture et la sculpture, Rome 1937
  • Îlot insalubre numéro 6, avec Pierre Jeanneret, Páras 1938
  • Des canons, des munitions ? Merci, des logis SVP, Boulogne 1938
  • Le Corbusier, Weissenhof, Stuttgart
    Destin de Paris, Páras - Clermont-Ferrand 1941
  • Sur les quatre routes, Páras 1941
  • La maison des hommes, avec François de Pierrefeu, Páras 1942
  • Les constructions murondins, Páras - Clermont-Ferrand 1942
  • La Charte d'Athènes, Páras 1943 (adaptation pour la publication)
  • Le Corbusier, Bagdad, 1956-1980
    Les trois établissements humains, Páras 1945
  • Propos d'urbanisme, Páras 1946
  • Manière de penser l'urbanisme, Boulogne, 1946
  • U.N. headquarters, Nua-Eabhrac 1947
  • New world of space, Nua-Eabhrac, 1948
  • Le Corbusier, Berlin, 1959
    Grille C.I.A.M. d'urbanisme : mise en application de la Charte d'Athènes, Boulogne 1948
  • Le modulor, Boulogne 1950
  • Les problèmes de la normalisation : rapport présenté au Conseil économique, in La charte de l'habitat, vol.1, Páras 1950
    Le Corbusier, Weissenhof, Stuttgart
  • L'unité d'habitation de Marseille, Souillac - Mulhouse 1950
  • Poésie sur Alger, Páras 1950
  • Une petite maison Curtha i gcartlann 2006-02-10 ar an Wayback Machine, Zurich 1954
  • Le Modulor II (La parole est aux usagers), Boulogne 1955
  • Architecture du bonheur, l'urbanisme est une clef, Páras 1955
  • Le Poème de l'angle droit, Páras 1955
  • Les plans de paris : 1956-1922, Páras 1956
  • Von der Poesie des Bauens, Zurich 1957
  • Entretien avec les étudiants des écoles d'architecture, Páras 1958
  • Second clavier des couleurs, Bâle 1959
  • L'atelier de la recherche patiente, Páras 1960
  • Orsay Paris 1961, Páras 1961
  • Le voyage d'Orient, Páras 1966
  • Mises au point, Páras 1966
  • Les maternelles vous parlent, Páras 1968
  • Choix de lettres, sélection, introduction et notes par Jean Jenger, éd. Birkaüser, 2002, 568 p.
  • Conférences de Rio (1936). Introduction, établissement du texte et notes par Yannis Tsiomis. Páras, Flammarion, 2006.

In ómós dó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé ar nóta bainc 10-franc na hEilbhéise. Tá dhá Place Le Corbusier ann, ceann amháin i bPáras gar do shuiomh a atelier ar an Rue de Sèvresagus agus ceann eile ina bhaile dúchais, La Chaux-de-Fonds. I Laval i Québec atá Boulevard Le Corbusier. Tá sráid Le Corbusier i mBrossard i Québec, agus tá ceann eile le fáil i Malvinas Argentinas i gCúige Buenos Aires na hAirgintine.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]