Aerghrianghrafadóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eiseamláir d'aerghrianghrafadóir- eacht mhíleata: suíomh diúracáin dromchla go haer i ndiaidh a bhuamála sa tSeirbia, 1999

Is é atá i gceist le haerghrianghrafadóireachtgrianghrafadóireacht dhromchla an Domhain ó bhalún nó aerárthach, le feidhmeanna san éiceolaíocht, an gheolaíocht, an tseandálaíocht, agus an taiscéalaíocht mhíleata in aimsir cogaidh. In aerchairteoireacht suirbhéireachta, éitlíonn an t-eitleán ag airde thairiseach faoi luas tairiseach ar feadh línte comhthreomhara, ag tógáil pictiúr ag achair rialta. Nuair a réalaítear na grianghrafanna, is féidir iad a léiriú taobh le chéile ina n-ollphictiúr mósáice den tírdhreach. Is féidir imlínte na talún agus airdí foirgneamh a dhéanamh amach trí léirithe steiréascópacha de na híomhánna.[1]

Cósta oirdheiscirt na hÉireann ó 30,000 troigh in airde

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Aerghrianghrafadóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 12.