A. K. Fazlul Huq
Ainm sa teanga dhúchais | (bn) আবুল কাশেম ফজলুল হক |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 26 Deireadh Fómhair 1873 Barishal |
Bás | 27 Aibreán 1962 88 bliana d'aois Dhaka |
Áit adhlactha | Mausoleum of Three Leaders (en) |
Federal Minister for Interior (en) | |
11 Lúnasa 1955 – 9 Márta 1956 | |
Príomh-Aire Bheangál | |
1 Aibreán 1937 – 29 Márta 1943 | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Ioslam |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chalcúta Barisal Zilla School (en) |
Teanga dhúchais | an Urdúis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | All India Muslim League (en) |
Teangacha | An Urdúis |
Bhí Abul Kasem Fazlul Huq (26 Deireadh Fómhair 1873 — 27 Aibreán 1962) nó A. K. Fazlul Huq nó Sher-e-Bangla (an tíogar Bheangál) ina dhuine de na príomhphearsana dlí agus polaitíochta de chuid Bheangál sa 20ú haois (san India roimh a neamhspleáchas agus sa Phacastáin Thoir ó 1947 ar aghaidh). Le linn a shaoil sa pholaitíocht, bhí poist mhóra ag Huq i i gConradh Moslamach na hUile-India, i gComhdháil Náisiúnta na hIndia agus sa Pháirtí Krishak Sramik (Krishak Sramik ina dhiaidh sin).[1]
Bhí ardmheas air ag a lán daoine sa Phacastáin Thoir (ina dhiaidh sin sa Bhanglaidéis) as a pholaitíocht fhrith-fheodach fhorásach agus as a a ról sa ghluaiseacht ar son na Beangáilise. Dá bharr sin, adhlacadh i Másailéam na dTrí Cheannaire i Dhaka é, in éineacht le Huseyn Shaheed Suhrawardy (1892–1963) agus Khwaja Nazimuddin (1894-1964), beirt eile a bhí ina bPríomh-Airí ar Bheangál Thoir.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain Huq céim amach san eolaíocht ó Choláiste na hUachtaránachta i gCalcutta sa bhliain 1894 agus ansin Baitsiléir Dlíthe ó Coláiste Dlí na hOllscoile i gCalcutta i 1897. Glacadh leis mar abhcóide agus d'oibrigh sé os comhair na hArd-Chúirte i gCalcúta agus Ard-Chúirt Dacca ar feadh blianta fada.
Bhí sé ina Abhcóide Ginearálta do Rialtas Bheangál Thoir ó 1947 go 1952.
Arna thoghadh den chéad uair chuig Comhairle Reachtach Bheangál sa bhliain 1913, bhí sé ina bhall di go dtí 1934, den Thionól Reachtach Lárnach ó 1934 go 1936 agus de Thionól Reachtach Bheangál ó 1937 go 1947 agus ní ba dhéanaí de Thionól Reachtach Bheangál Thoir agus de Thionól Bunreachta na Pacastáine. Bhí sé
- ina Phríomh-Aire ar Bheangál (1937-43),
- ina Phríomh-Aire ar Bheangál Thoir sa bhliain 1954 ar feadh seal gairid,
- ina Aire Gnóthaí Baile na Pacastáine (1955-56) agus
- ina Ghobharnóir ar an bPacastáin Thoir (1956-58).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "UCD School of Law". www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-05.