A. K. Fazlul Huq

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
A. K. Fazlul Huq
A k fazlul hoque.jpg
Príomh-Aire Bheangál

Aibreán 1, 1937 - Márta 29, 1943
Saol
Eolas breithe Barisal (en) Aistrigh, Deireadh Fómhair 26, 1873
Náisiúntacht An Phacastáin
Réimeas Briotanach
Bás Dhaka, Aibreán 27, 1962
Áit adhlactha Mausoleum of three leaders (en) Aistrigh
Oideachas
Alma mater University of Calcutta (en) Aistrigh
Gairm
Gairm polaiteoir
Creideamh
Reiligiúin Ioslam
Páirtithe polaitíochta All India Muslim League (en) Aistrigh

Bhí Abul Kasem Fazlul Huq (26 Deireadh Fómhair 187327 Aibréan 1962)  nó A. K. Fazlul HuqSher-e-Bangla (an tíogar Bheangál) ina dhuine de na príomhfhigiúirí dlí agus polaitíochta de chuid Bheangál sa 20ú haois (san India roimh a neamhspleáchas agus sa Phacastáin Thoir  ó 1947 ar aghaidh).  Le linn a shaoil sa pholaitíocht, bhí poist mhóra ag Huq i i gConradh Moslamach na hUile-India, i gComhdháil Náisiúnta na hIndia agus sa Pháirtí Krishak Sramik (Krishak Sramik ina dhiaidh sin).[1]

Bhí ardmheas air ag a lán daoine sa Phacastáin Thoir (ina dhiaidh sin sa Bhanglaidéis) as a pholaitíocht fhrith-fheodach fhorásach agus as a a ról sa ghluaiseacht ar son na Beangáilise. Dá bharr sin, adhlacadh i Másailéam na dTrí Cheannaire i Dhaka é, in éineacht le Huseyn Shaheed Suhrawardy (1892–1963) agus Khwaja Nazimuddin (1894-1964), beirt eile a bhí ina bPríomh-Airí ar Bheangál Thoir.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Páirc Sher-e-Bangla Panchagarh

Bhain Huq céim amach san eolaíocht ó Choláiste na hUachtaránachta i gCalcutta sa bhliain 1894 agus ansin Baitsiléir Dlíthe ó Coláiste Dlí na hOllscoile i gCalcutta i 1897.  Glacadh leis mar abhcóide agus d'oibrigh sé os comhair na hArd-Chúirte i gCalcúta agus Ard-Chúirt Dacca ar feadh blianta fada.

Bhí sé ina Abhcóide Ginearálta do Rialtas Bheangál Thoir ó 1947 go 1952.

Arna thoghadh den chéad uair chuig Comhairle Reachtach Bheangál sa bhliain 1913, bhí sé ina bhall di go dtí 1934, den Thionól Reachtach Lárnach ó 1934 go 1936 agus de Thionól Reachtach Bheangál ó 1937 go 1947 agus ní ba dhéanaí de Thionól Reachtach Bheangál Thoir agus de Thionól Bunreachta na Pacastáine. Bhí sé

  • ina Phríomh-Aire ar Bheangál (1937-43),
  • ina Phríomh-Aire ar Bheangál Thoir sa bhliain 1954 ar feadh seal gairid,
  • ina Aire Gnóthaí Baile na Pacastáine (1955-56) agus
  • ina Ghobharnóir ar an bPacastáin Thoir (1956-58).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "UCD School of Law". www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-05-05.