ABAIR

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pictúir de shintéis urlabhra

Tionscadal sintéise urlabhra Gaeilge is ea ABAIR, atá ar bun ag Saotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide.[1] Tá torthaí na hoibre (agus oibre na dtionscadal as a d'eascair sé) ar fáil mar "ríomhchainteoir" ar a suíomh idirlíne abair.ie ó 2008 i leith.[2]

Tá na guthanna ar fáil mar bhreiseán don léitheoir scáileáin NVDA freisin, agus is féidir iad a leabú i suíomhanna idirlíne eile.[3]

Feidhmeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Córas téacs-go-hurlabhra atá mar thoradh ag ABAIR, .i. córas a aistríonn téacs scríofa go fuaimeanna mar a bheadh duine daonna á léamh os ard.

Is féidir leis an úsáideoir an guth a chur in oiriúint de réir mar is mian leo—chomh maith le canúint agus modh sintéise (féach thíos), is féidir luas agus tuinairde an léimh amach a athrú, agus guth baineann nó fireann a roghnú.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ABAIR ina chomharba mar thionscadal ar WISPR (tionscadal a bhí taighdeoirí ó roinnt ollscoileanna in Éirinn agus i mBangor na Breataine Bige páirteach ann), agus ar Chabóigín I ⁊ II.[1]

Canúintí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a rogha canúna ag úsáideoir an tsuímh freisin:[4]

Modhanna Sintéise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineadh úsáid as trí mhodh sintéise chun na guthanna a chruthú:[5]

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 An tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra. "Cúlra". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24/03/2020. Dáta rochtana: 24/03/2020.
  2. Caoimhe Ní Laighin (Iúil 2008). "Cabóigín cainteach". Beo!. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-15. Dáta rochtana: 24/03/2020.
  3. An tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra. "Rochtain". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24/03/2020. Dáta rochtana: 24/03/2020.
  4. An tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra. "Na Canúintí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24/03/2020. Dáta rochtana: 24/03/2020.
  5. An tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra. "Glórtha". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24/03/2020. Dáta rochtana: 24/03/2020.