Jump to content

An tSomáilis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn tSomáilis
Af-Soomaali, اف صومالِ agus 𐒖𐒍 𐒈𐒝𐒑𐒛𐒐𐒘
Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais16,200,000 (2019)
Dúchasach doDjibouti, Afar Region (en) Aistrigh, Dire Dawa, Oromia Region (en) Aistrigh, Somali Region (en) Aistrigh, Garissa County (en) Aistrigh, Mandera County (en) Aistrigh, Wajir County (en) Aistrigh agus an tSomáil
StáitDjibouti, an Aetóip, an Chéinia, an tSomáil agus Críoch Shomáile
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Afra-Áiseacha
teangacha Cúiseacha
East Cushitic (en) Aistrigh
Lowland East Cushitic (en) Aistrigh
Omo–Tana (en) Aistrigh
Macro-Somali (en) Aistrigh
Somali languages (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach, Wadaad's writing (en) Aistrigh agus Osmanya (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1so
ISO 639-2som
ISO 639-3som
Glottologsoma1255
Linguasphere14-GAG-a
Ethnologuesom
ASCL9208
IETFso

Is í an tSomáilis an teanga a labhraíonn formhór mhuintir na Somáile agus na Somálaigh sna tíortha in aice láimhe. Is teanga Cúiseach í agus í an dara teanga Cúiseach is mó a labhraítear ar domhan í (i ndiaidh na hOraimise)[1]. Is teanga oifigiúil na Somáile agus Críoch Shomáile í agus tá stádas aici mar theanga aitheanta sa Chéinia, i nDiobúití agus san Aetóip. Le tús an Cogadh Cathartha Somálach sna 1990idí, tháinig go leor Somálach ar imirce go dtí an Eoraip, Mericeá Thuaidh agus an Meánoirthear. Mar gheall ar sin, ta diaspóra mór a labhraíonn an teanga ar fud an domhain. Go hoifigiúil, úsáidtear an Aibítir Laidineach sa tSomáilis.

Stair

Go stairiúil, bhí a scripteann féin ag an tSomáilis ach tá siad caillte le fada. Le déanaí, d'úsáid an teanga an Aibítir Arabach agus Wadaad chomh maith leis an Aibitír laidinieach. Sa bhliain 1972, ghlac an rialtas an Aibitír Laidineach go hoifigiúil. D'athraigh an teangeolaí Shire Jama Ahmed an aibítir a chinntiú go raibh sé oiriúnach don Somáilis.

Roghnaíodh an tSomáilis mar theanga oifigiúil na Somáile sa bhliain 1973 agus d'éiligh an Chúirt Réabhlóideach Uachtarach go n-úsaidfeadh an teanga in oideachas agus i riarachán. Chomh maith le sin, cheap bunreacht Críoch Shomáile an teanga mar theanga oifigiúil sa bhliain 2001.

Gramadach

Deilbhíocht

Is teanga gleanúna í an tSomáilis a úsáideann infhilleadh. Cuirtear iarmhíreanna éagsúla ag deireadh na focail mar alt cinnte. Tá -ki-ka curtha ag deireadh ainmfhocail fhirinscneacha agus tá -ti-ta curtha ag deireadh ainmfhocail bhaininscneacha sa tuiseal dearbhach.

Chomh maith leis an tuiseal dearbhach, tá trí tuiseal eile sa teanga; an tuiseal ainmneach, an tuiseal ginideach agus an tuiseal gairmeach.

Comhréir

Dé ghnáth, is é ord na bhfocal a úsáidtear sa teanga ná: Ainmní - Cuspóir - Briathar.

Tagairtí

  1. Saeed, John (1999). Somali. Amsterdam: John Benjamins. ISBN 1-55619-