Grace Kelly
Ban-aisteoir Meiriceánach agus réalta faisin ba ea Grace Patricia Kelly (Gaeilge: Gráinne Pádraigín Ní Cheallaigh), nó níos déanaí Grace, Banphrionsa Mhonacó, de phór Éireannach (12 Samhain, 1929 – 14 Meán Fómhair, 1982). Bhí Grace Kelly ar dhuine de na haisteoirí ba cháiliúla le linn ré órga Hollywood.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig seanathair Grace as Baile Uí Fhiacháin, i gContae Mhaigh Eo.[2] Chuaigh John Henry Kelly ar imirce chuig Philadelphia Mheiriceá in 1867. D’éirigh le Jack Kelly, athair Grace, trí bhonn Oilimpeacha a chrochadh leis dá ghaiscí rámhaíochta in 1920 agus 1924.[3] Bhí a dhóthain de mhaoin an tsaoil aige rud a d’fhág saol sócúil ag Grace.
Hollywood
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna 1950idí, d'oibrigh Kelly ar an stáitse agus i scannáin de chuid Hollywood. Sa bhliain 1955, bronnadh Oscar dá ról sa The Country Girl, agus í i mbarr a réime gairmiúla. Bhí sí le feiscint ar scáileán taobh le leithéidí Gary Cooper, Clark Gable, Cary Grant, agus Bing Crosby agus bhí leithéidí Alfred Hitchcock agus John Ford mar stiúrthóirí aici.[1]
Bhí a saol aisteoireachta in airde láin nuair a phós sí an Prionsa Rainier ó Phrionsacht Mhonacó in 1956.
Pósadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 1955, d’eagraigh Paris Match deis fótagrafaíochta do Grace Kelly leis an bPrionsa Rainier ag an bPálás Ríoga in Monte Carlo. Níor aontaigh an bheirt a bhí i gceist leis ach go drogallach, is cosúil.[4] Níor thúisce le chéile iad ná go raibh siad pósta. Rinne an Phrionsa Rainier aistear chuig na Stáit Aontaithe i mí na Nollag – ar chúiseanna leighis, mar dhea – inar chaith sé an Nollaig le muintir Uí Cheallaigh agus inar iarr sé ar Grace é a phósadh. Ansin d'fhill Grace go Monacó san earrach dár gcionn chun pósadh. Phós sí Prionsa Mhonacó, Rainier III, ar 19 Aibreán 1956 agus d'fhág sí Hollywood.
Chaith Grace Kelly an chuid eile dá saol i Monacó.
Saol pósta
Bhí triúr páiste ag Grace Kelly: an prionsa Albert agus na banphrionsaí Caroline agus Stéphanie.
Fuair Grace Kelly bás de bharr stróc agus í ag tiomáint, ar an 14 Meán Fómhair 1982, tubaiste a fhágann greanta i scioból samhlaíochta an phobail í mar an duine óg álainn.[1]
Grace in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Grace Kelly an-mhórtasach as a dúchas Éireannach. Mar shampla bhunaigh sí leabharlann Éireannach.[5] Thug sí cúpla cuairt ar Éireann sna 1960dí agus na 1970idí (thug an Lánúin Ríoga cuairt stáit ar Éirinn[6] don chéad uair sa bhliain 1961).[7]
Chabhraigh Grace Kelly go mór saol an fhaisin in Éirinn a chur chun cinn nuair a chaith sí geansaí Árann i bpictiúir di féin faoi theas na gréine ar luamh ar an Meánmhuir, pictiúr a bhí ar chlúdach na hirise Vogue i lár na 1950idí.
Bhí Albert II i measc an phobail i mBaile Uí Fhiacháin i gcontae Mhaigh Eo mí na Márta 2023 nuair a nochtadh dealbh in ómós dá mháthair.[1]
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir an AFI (Institiúid Scannáin Mheiriceá) Kelly in airde ag #13 i measc na mbanréaltaí scannáin is fearr a bhí ann riamh.
Tháinig mac le Grace Kelly, Ailbhe II (Albert Alexandre Louis Pierre Grimaldi), i gcomharbas ar a athair Rainier III sa bhliain 2005.
Scannáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1951 : Fourteen Hours
- 1952 : High Noon
- 1953 : Mogambo
- 1954 : Dial M for Murder
- 1954 : Green Fire
- 1954 : Rear Window
- 1954 : The Country Girl
- 1954 : The Bridges at Toko-Ri
- 1955 : To Catch a Thief
- 1956 : The Swan
- 1956 : High Society
Naisc
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil
- Clár Grace Kelly: Banphrionsa Mhaigh Eo (TG4, 2023)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Breandán M Mac Gearailt (26 Nollaig 2023). "Clár faisnéise taitneamhach faoi Bhanphrionsa Mhaigh Eo agus Mhonacó" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-30.
- ↑ Thomas Harding (2005-04-17). "How Princess Grace's ancestral home fell into ruins" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-04-19.
- ↑ "Jack Kelly Sr. (rower)" (as en) (2023-12-14). Wikipedia.
- ↑ "Taispeántais | Castletown" (ga) (29 Bealtaine – 30 Meán Fómhair 2017, Gailearaí, Dara hUrlár, Teach Bhaile an Chaisleáin). Dáta rochtana: 2020-04-19.
- ↑ "The Princess Grace Irish Library, Monaco". www.visitmonaco.com. Dáta rochtana: 2020-04-19.
- ↑ Breege Rowley (2014-01-23). "Marion agus an Banphrionsa,".
- ↑ "Marion and the Princess – Strut and bellow" (en-US). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-01-20. Dáta rochtana: 2020-04-19.