Bard
I saol meánaoiseach na nGael agus mBriotanach, seanchaí, file, cumadóir ceoil agus ginealaí gairmeach ab ea bard, fostaithe ag pátrún (amhail is rí nó uaisle), chun sinsir an phátrúin a chomóradh, agus gníomhartha an phátrúin a cheiliúradh.
Bunús
I saol meánaoiseach na nGael agus na mBreatnach, file gairme ab ea bard (bardd as Breatnais), fostaithe ag a mháistir chun adhmholtaí a chumadh. File d'aicme áirithe níos lú ab ea an bard i dtosach, contrasting with na haicmí is airde anáil is filid. Chanadh na baird amhráin ag ceiliúradh gníomhartha crógachta na laochra, chomh maith le ginealaigh agus startha na gclann desna haicmí ceannais Ceilteacha. Munar íoc a mháistir an tuarastal ceart, chumfadh an bard aoir ina choinne (c.f. glámh dícheann).
I saol na ndreamanna Ind-Europacha, bhíodh i ról an bhaird i measc eile an skald, rhapsode, oirfideach agus scop. Tá aos oidhreachta don fhile gairmiúil Prótai-Ind-Eorpach athchruthaithe le fianaise ó ról an fhile in Éirinn na meánaoise agus an Ind ársa ach go háirithe.[1]
Ó thús, ní choinnítí na dreamanna Ceilteacha taifeadaí scríofa dá startha. Ina ionad sin, chuirtí an béaloideas de ghlanmheabhair agus sheachadadh é ó ghlúin go glúin ag na baird agus na filid. Chun cuidiú leis an bhfoghlaim seo, chumadh na baird le meadaracht, rím agus seifteanna fileata struchtúrtha eile.
Ar cheann desna baird is cáiliúla i miotaseolaíocht na nGael ab ea Amergin Glúingel, ní amháin bard, ach fosta draoi agus breithem an Chlann Mhíle.
Le meath an bhard mar ghairm bheo sa ré nua-aimseartha, fuair an focal "bard" ciall chineálach d'údar nó oirfideach, go háirithe dá mbeadh cáil aige nó aici siúd. Mar shampla, bíonn aithne ar William Shakespeare agus Rabindranath Tagore mar "the Bard of Avon" (go minic ach amháin "the Bard") agus "the Bard of Bengal" faoi seach.[2][3]
Baird
Tugadh an teideal 'An Bard' d'fhilí éagsúla le linn ré an Rómánsachas:
- 'The Bard of Armagh' is ea Martin Hearty
- 'The Bard of Avon,' 'The Immortal Bard' (nó i Sassana, ach amháin 'The Bard') is ea William Shakespeare
- 'The Bard of Ayrshire' (nó i nAlbain, ach amháin 'The Bard') is ea Robert Burns
- 'The Bard of Bengal' is ea Rabindranath Tagore
- 'The Bard of Olney' is ea William Cowper
- 'The Bard of Rydal Mount' is ea William Wordsworth
- 'The Bard of Salford' is ea John Cooper Clarke[4]
- 'The Bard of Twickenham' is ea Alexander Pope
- Luaitear mar "bhaird dítreibhe" na filí dítreibhe Astrálacha bush poets amhail is Henry Lawson agus Banjo Paterson
- Tugtar fosta 'baird' ar Bob Dylan, Jim MacCool agus an banna ceoil Blind Guardian.
Mar thoradh nósanna Rómánsachais, tháinig smaoineamh an bhaird mar shagart nó draoi sa genre fantaisíochta isteach san 1960í go 1980í, mar shampla:
- aicme "Bard" (Dungeons & Dragons)
- aicme "Bard" (Pathfinder RPG - Paizo)
- Bard le Keith Taylor (1981)
- Bard: The Odyssey of the Irish le Morgan Llywelyn (1984)
maraon le físchluichí fantaisíochta amhail is The Bard's Tale (1985).
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- Irish Bardic Poetry Corpus of Electronic Texts, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Tagairtí
- ↑ Martin Litchfield West, Indo-European poetry and myth, Oxford University Press, 2007, ISBN 978-0-19-928075-9, lch. 30.
- ↑ Oxford Dictionary of English
- ↑ "Work of Rabindranath Tagore celebrated in London - BBC News" (en-GB).
- ↑ Memoirs of the Irish Bards. Nua-Eabhrac: Garland, 1971.