Paindéim COVID-19 i dTuaisceart Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Don Phoblacht na hÉireann, féach ar Paindéim COVID-19 i bPoblacht na hÉireann. Don Ríocht Aontaithe tríd is tríd, féach ar Paindéim COVID-19 sa Ríocht Aontaithe.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPaindéim COVID-19 i dTuaisceart Éireann
Map
 54°41′N 6°45′W / 54.68°N 6.75°W / 54.68; -6.75
Cineálráig ghalair de Covid-19 Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2020 Coróinvíreas paindéimeach san Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse27 Feabhra 2020 - 
SuíomhTuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Number of cases (en) Aistrigh3,536 (30 Aibreán 2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Organized response related to outbreak (en) Aistrigh2020 Northern Ireland COVID-19 lockdown (en) Aistrigh agus 2020 Northern Ireland COVID-19 closing of non-essential businesses (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna338 (30 Aibreán 2020) Cuir in eagar ar Wikidata


Cásanna dearbhaithe in aghaidh gach 100,000 daoine den daonra i ngach rialtas áitiúil, amhail 20 Iúil 2021.

██ <5,725

██ 5,725-7,827

██ 7,827-7,916

██ 7,916-9,256

██ ≥9,256

Thosaigh an paindéim COVID-19 i dTuaisceart Éireann ar an 27 Feabhra 2020.[1] Dhearbhaigh Áisíneacht Sláinte Phoiblí Thuaisceart Éireann go rabhthas tagtha ar chás den choróinvíreas agus gur duine an t-othar a tháinig ar ais ón Iodáil go dtí an stát ó dheas sula ndeachaigh sé ó thuaidh. Príomh-Oifigeach Leighis an Tuaiscirt an Dr Michael McBride a d’fhógair an scéal i mBéal Feirtse, agus dúirt sé go raibh an dara tástáil á dhéanamh ar shampla ón othar i Sasana faoi láthair. Ní raibh an Dr Michael McBride sásta a rá cé acu ar tháinig an té atá buailte ag an ngalar as Baile Átha Cliath ar an gcóras iompair poiblí nó nár tháinig.[2] Faoi 20 Iúil 2021, bhí 141,460 cás agus 2,164 bás dearbhaithe ag an Roinn Sláinte.[3] Áfach, dar leis an Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staitisticí agus Taighde, fuair 2,982 duine bás de bharr COVID-19 faoi 2 Iúil 2021.[4]

Amlíne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Márta go dtí Bealtaine 2020[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 28 Márta, d'ordaigh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann do dhaoine fanacht sa bhaile agus tugadh ordú do gnóthaí neamhriachtanacha a dhúnadh.[5] Ar an 24 Aibreán, athosclaíodh reiligí ag cumas teoranta.[6] Ar an 18 Bealtaine, athosclaíodh ionaid garraíodóireachta agus ionaid athchúrsála,[7] agus bhí shearmanais an phósta ceadaithe le haghaidh daoine atá ag fáil bháis.[8] An lá dár gcionn, maolaíodh níos mó srianta. Ceadaíodh cruinnithe de seisear agus athosclaíodh ionaid adhartha.[9]

Meitheamh go dtí Lúnasa 2020[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 12 Meitheamh, athosclaíodh miondíoltóirí neamhriachtanacha, agus ceadaíodh cruinnithe de 10 duine atá nach bhfuil in aontíos lena chéile.[10] Ar an 3 Iúil, athosclaíodh óstáin, bialanna agus tithe tábhairne.[11] Ar an 6 Iúil, athosclaíodh siopaí gruagaire, siopa bearbóra agus salóin áilleachta. Chomh maith leis sin, bhí daoine i dTuaisceart Eireann ábalta cuairt a thabhairt do dhaoine sna ospidéil agus sna tithe cúraim.[12] Ar an 10 Iúil, athosclaíodh pictiúrlanna agus ionaid aclaíochta.[13] Ar an 1 Lúnasa, bhí daoine sa phobal atá ar lagchuidiú in ann a dteach a a fhágáil, agus d'fhill siad ar a n-obair.[14] Bunaíodh scéim "Eat Out to Help Out" ar an 3 Lúnasa, agus dúnadh é ag deireadh na míosa. Chabhraigh an scéim le bialanna i dTuaisceart Éireann.[15] Ón 10 Lúnasa, caithfear muintir Thuaisceart Éireann clúdaithe aghaidhe a chaitheamh i siopaí agus i spásanna beaga eile.[16] Ar an 21 Lúnasa, cuireadh teorainneacha ar tionóil faoi dhíon agus tionóil faoin aer.[17]

Meán Fómhair go dtí Samhain 2020[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 14 Meán Fómhair, cuireadh srianta réigiúnach i bhfeidhm i mBéal Feirste, an Baile Meánach agus áiteanna i Lios na gCearrbhach, Lann Abhaigh agus Cromghlinn. Ní raibh daoine sna háiteanna seo ábalta cuairt a thabhairt do dhaoine ina dtithe.[18] Bhí na srianta seo i bhfeidhm i ngach áit i dTuaisceart Éireann faoi 22 Meán Fómhair.[19] Dúnadh mórán gnéithe den earnáil fáilteachais ar an 16 Deireadh Fómhair.[20] Ar an 19 Deireadh Fómhair, dúnadh gach scoil ar feadh coicíse.[21] Ar an 20 Samhain, athosclaíodh caifí, ach dunadh na caifí arís ar an 27 Samhain. Ina theannta sin, fógraíodh go leathnóidh na srianta ar earnáil fáilteachais ar feadh coicíse ón 27 Samhain. "Circuit breaker" an t-ainm a bhí ar an leathnú.[22]

Nollaig 2020 go dtí an lá atá inniu ann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 4 Nollaig, fógraíodh go gcríochnóidh an "circuit breaker" an tseachtain seo chugainn.[23] Cuireadh ordú dianghlasála i bhfeidhm ar an 26 Nollaig ar feadh sé seachtaine.[24] Ar an 21 Eanáir 2021, leathnóidh an dianghlasáil go dtí 5 Márta.[25] Ar an 18 Feabhra, leathnóidh an dianghlasáil arís go dtí 1 Aibreán, ach tugadh cead do roinnt páistí bunscoile filleadh ar ais ar scoil ón 8 Márta.[26] Ar 2 Márta, nocht an chéad aire Arlene Foster agus an leas-chéad aire Michelle O'Neill plean an dianghlasáil a chríochnú.[27]

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Coronavirus: First case confirmed in Northern Ireland". BBC News (27 Feabhra 2020).
  2. "An chéad chás den choróinvíreas in Éirinn deimhnithe". tuairisc.ie (27 Feabhra 2020).
  3. "COVID-19 - Daily Dashboard Updates". Roinn Sláinte. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Bealtaine 2021. Dáta rochtana: 25 Bealtaine 2021.
  4. "Deaths Registered - Dashboard". Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staitisticí agus Taighde. Dáta rochtana: 19 Feabhra 2021.
  5. "Coronavirus: New regulations come into force". BBC News (28 Márta 2020).
  6. Amanda Ferguson (24 Aibreán 2020). "Coronavirus: Northern Ireland lifts restrictions on visiting graveyards". The Irish Times.
  7. "Coronavirus: Garden and recycling centre centres reopen as NI lockdown plan debated". BBC News (18 Bealtaine 2020).
  8. Conor Macauley (18 Bealtaine 2020). "Coronavirus: Terminally-ill bride thanks politicians ahead of wedding". BBC News.
  9. Jayne McCormack (19 Bealtaine 2020). "Coronavirus: NI Executive agrees to lift more lockdown measures". BBC News.
  10. Jayne McCormack (12 Meitheamh 2020). "Coronavirus: Shops in NI reopen their doors on Friday". BBC News.
  11. "Coronavirus: NI hotels and bars reopen their doors". BBC News (3 Iúil 2020).
  12. "Coronavirus: Hospital and care home visits resume in NI". BBC News (6 Iúil 2020).
  13. "Executive Daily Update: Initiatives to deal with Coronavirus (9 July 2020)". Feidhmeannas Thuaisceart Éireann (10 Iúil 2020).
  14. "Coronavirus: Shielding ends for two million in England, Scotland and Northern Ireland". BBC News (1 Lúnasa 2020).
  15. "Coronavirus: Register for the Eat Out to Help Out Scheme". nibusinessinfo.co.uk (2 Samhain 2020). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Feabhra 2021. Dáta rochtana: 21 Feabhra 2021.
  16. "Coronavirus (COVID-19): face coverings". Feidhmeannas Thuaisceart Éireann.
  17. "Coronavirus: Covid-19 restrictions 'not about scaremongering'". BBC News (21 Lúnasa 2020).
  18. "Q&A: Everything you need to know about new Covid-19 restrictions in Northern Ireland". Belfast Telegraph (11 Meán Fómhair 2020).
  19. "Coronavirus: Covid restrictions a wake-up call, says Arlene Foster". BBC News (22 Meán Fómhair 2020).
  20. "Coronavirus: Pubs and restaurants have closed across Northern Ireland". BBC News (17 Deireadh Fómhair 2020).
  21. "Coronavirus: Almost 1,500 cases recorded in NI schools". BBC News (19 Deireadh Fómhair 2020).
  22. "Coronavirus Northern Ireland circuit breaker: The restrictions coming into force on November 27". Belfast Telegraph (20 Samhain 2020).
  23. "Non-essential retailers in Northern Ireland given go-ahead to reopen on 11 December". TheJournal.ie (4 Nollaig 2020).
  24. "Northern Ireland to enter six-week lockdown on 26 December". Raidió Teilifís Éireann (17 Nollaig 2020).
  25. Sean Murray (21 Eanáir 2021). "Northern Ireland: Lockdown extended until 5 March, decision next week on opening schools at earlier date". TheJournal.ie.
  26. "NI restrictions extended but some pupils to return to school". Raidió Teilifís Éireann (18 Feabhra 2021).
  27. "Covid-19: Details of NI lockdown exit plan revealed". BBC News (2 Márta 2021).