Útaras
Sonraí | |
---|---|
Laidin | uterus |
Cuid de | córas atáirgthe baineann |
ovarian artery (en) agus uterine artery (en) | |
uterine vein (en) | |
Aitheantóirí | |
MeSH | D014599 |
TA | A09.1.03.001 |
FMA | 17558 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Gray | p.1258 |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Orgán cuasach piorrachruthach matánach is ea an t-útaras, nó an bhroinn, le ballaí ramhra sa bhaineannach. Sa bhean bíonn sí sa pheilbheas de ghnáth agus síneann suas is chun tosaigh os cionn an lamhnáin ón gcuid uachtarach den fhaighin.
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is éard atá inti ná an oscailt (ceirbheacs) ag a bhun is í scartha ó chorp na broinne ag cúngú beag, agus os cionn an áit a dtéann na feadáin útaracha isteach sa chorp tá an fundas. Tá bun an cheirbhics timpeallaithe ag an bhfaighin, agus osclaíonn isteach sa bhfaighin.
Tar éis breithe bíonn an bhroinn sa bholg den chuid is mó is an ceirbheacs réasúnta mór, agus ní bhíonn éagsúil ón gcorp. Fásann sí go mall díreach roimh chaithreachas, ach nuair a thosaíonn sé seo, fásann go tapa ar feadh achair. I seanaois tagann an bhroinn le bheith crua is níos snáithíní.
Taistealaíonn na hubháin ó na hubhagáin ar feadh na n-ubhaduchtanna comhthreomhara isteach sa bhroinn. Oibríonn éastraiginí is prógaistéaróin, a thálann na hubhagáin, ar líneáil eipitéileach (inmheitriam) na broinne.
- Aon ubhán a thoirchítear san ubhaducht, ionchlannaítear é i mballa na broinne.
- Aon ubhán nach dtoirchítear, díbrítear é le barrchisil an inmheitriam mar fhreagairt ar athruithe hormónacha le linn míostraithe.
Bíonn an ghnáthbhroinn 7.5 cm ar fhad is timpeall 40 g meáchain. Fásann an bhroinn thoirchithe go tapa i méid is meáchan agus éiríonn isteach sa bholg. Tagann sí le bheith 30 cm ar fhad is suas le 1 kg meáchain faoin 8ú mí.
Díreach tar éis breith na clainne, crapann an bhroinn agus infhilleann ar a gnáth-thoisí taobh istigh de dhá mhí.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Broinn (útaras)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 93.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |