Caithreachas
Appearance
Tréimhse athraithe ina mbaineann duine aibíocht ghnéasach agus cumas iomlán atáirgthe amach. Tosaíonn sé níos luaithe i gcailíní (timpeall 10-11 bliain d'aois) ná i mbuachaillí (timpeall 11-12 bliain)[1], agus maireann 3 bhliain nó mar sin. Braitheann a thosú ar iarmhairtí géiniteacha is comhshaoil, stádas cothaithe ina measc. Tarlaíonn fás géaraithe sa dá chás (an rábóg fáis ógánta), aibiú na ngónad, agus forbairt tréithe tánaisteacha gnéasacha. I gcailíní, forbraíonn na cíocha, fásann gruaig phúbasach, agus tosaíonn an míostrú. I mbuachaillí, fásann gruaig phúbasach is gruaig aghaidhe, méadaíonn an péineas is an cadairne, agus éiríonn an guth níos toille.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ http://www.dukehealth.org/health_library/advice_from_doctors/your_childs_health/when-is-puberty-too-early
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Caithreachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 109.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |