Éabhlóid réaltach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ord eachtraí is athruithe i dtimthriall iomlán beatha réalta í an éabhlóid réaltach.

Is í an phríomhstaid san éabhlóid ídiú núicléach na hidrigine ina héiliam, le fuascailt fuinnimh iarmharaigh. Faoi dheireadh bíonn an hidrigin ídithe, agus an réalta ina fathach dearg. I staideanna deireanacha na héabhlóide seo, braitheann an bealach éabhlóide ar leith ar mhais na réalta: cruthú abhaic bháin (réalta de mhais cosúil le mais na Gréine), cruthú neodrónréalta (de mhais níos mó ná timpeall 5 oiread na Gréine), nó cruthú ollnóva (na deicheanna d'oiread na Gréine).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Éabhlóid réaltach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 230.