Neodrónréalta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is neodrónréalta ann ná réalta atá chomh trom téagartha tiubh is go bhfáisceann a himtharraingt leictreoin na n-adamh in aice leis an núicléas, go dtí go sáraíonn siad lucht leictreach na bprótón. Ansin, iompaíonn na prótóin ina neodróin, agus is é an rud a fhágtar ná brachán de neodróin agus é i bhfad níos dlúithe ná an damhna mar a aithnímid féin é.

Neodrónréalta RX J185635-3754

Is iad na neodrónréaltaí an chéim dheireanach i bhforbairt réaltaí atá níos mó ná an Ghrian s'againn agus níos lú ná na fathaigh (ar dual dóibh iompú ina ndúphoill). Tá mais na neodrónréaltaí suite idir teorainn Chandrasekhar, nó timpeall 1.44 Grian, agus teorainn Tolman-Oppenheimer-Volkoff, nó timpeall 3-5 Ghrian. Ní bhíonn siad ach fiche éigin ciliméadar ar trastomhas, agus mais cúpla Grian comhchruinnithe i spás chomh beag sin. Ar ndóighe, tá imtharraingt mhillteanach acu, chomh maith le réimse láidir maighnéadach agus é ag astú radathonnta ina mbíoga. Ar na radathonnta seo a aithnítear na neodrónréaltaí, agus sin é an fáth go dtugtar pulsáir ar na neodrónréaltaí mar réada réalteolaíocha.

Struchtúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

An tuiscint atá againn inniu ar struchtúr na neodrónréaltaí, tá sí bunaithe ar shamhlacha matamaiticiúla, agus ar ndóigh, bíonn na samhlacha sin ag athrú in imeacht na mblianta, de réir mar a dhéantar breathnuithe nua, agus ár dtuiscint ar na neodrónréaltaí ag forbairt. Cibé scéal é, is é an rud a shíltear inniu ná go bhfuil dromchla na neodrónréalta comhdhéanta as gnáthnúicléis adamhacha chomh maith le leictreoin. An t-"atmaisféar" atá thart ar an réalta, tá sé méadar amháin ar tiús, a bheag nó a mhór. Faoin "atmaisféar" atá an "screamh" sholadach. Ag dul síos i dtreo an lárphointe, tagaimid ar thuilleadh núicléas, agus iad ag éirí níos saibhre i neodróin. Ní mhairfeadh a leithéid de núicléis ar dhroim an Domhain seo againn, ach anseo, coinníonn brú millteanach na himtharraingthe le chéile iad. Níos doimhne fós, sroichimid an pointe ar a dtugtar sileadh na neodrón. Anseo, tá neodróin shaora ag éalú as na núicléis, agus neodróin is leictreoin shaora timpeall na núicléas. Tá na núicléis féin ag éirí níos lú, agus i gcroíleacan na neodrónréalta, níl núicléis ar bith ann. Tá croíleacán na neodrónréalta comhdhéanta as damhna forthiubh nach bhfuil mórán céille ag na saineolaithe féin dá nádúr go fóill. San fhicsean eolaíochta agus sna leabhair réalteolaíochta don ghnáthléitheoir, is minic a thugtar "neodróiniam" ar an tsubstaint theoiriciúil seo, ach is fearr leis na réalteolaithe féin an t-ainm sin a sheachaint, ós rud é go bhfuil sé cineál débhríoch mar théarma. Uaireanta, tugtar "neodróndamhna díchineálaithe" air, cé go bhfuil tuiscint theoiriciúil ar leith ar an damhna seo ag dul leis an téarma sin. Tá sé incheaptha gur neodróin ba mhó a bheadh ann, chomh maith leis an gcorrleictreon nó -phrótón, agus an meascán seo i staid na forshreabhachta, ach d'fhéadfadh sé go mbeadh cáithníní ardfhuinnimh, cosúil le π-mheasóin agus K-mheasóin, measctha tríd na neodróin. Tá sé insamhlaithe freisin gur damhna coimhthíoch a bheadh ann, agus cuarcanna ansin a bheadh níos troime ná an t-uaschuarc agus an t-íoschuarc, nó gur cuarcanna saora a bheadh ann nach mbeadh ceangailte dá chéile ina hadróin. (Dá mbeadh réalta ann a bheadh comhdhéanta as damhna coimhthíoch den chineál seo, thabharfaí "réalta choimhthíoch" uirthi.) Ní mór cuimhne a choinneáil air nach bhfuil i gceist ach tuairimíocht atá bunaithe ar an matamaitic, nó níl aon teoiric acu seo deimhnithe ná séanta ag na breathnuithe go fóill.

Stair na Fionnachtana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1932, d'aithin Sior James Chadwick an neodrón mar bhuncháithnín, fionnachtain a thabhaigh Duais Nobel na Fisice dó trí bliana ina dhiaidh sin.

Sa bhliain 1933, gan ach bliain amháin i ndiaidh do Chadwick fáil amach faoi na neodróin, rith an neodrónréalta le Walter Baade agus Fritz Zwicky mar choincheap teoiriciúil. Nuair a bhí siad ag iarraidh an t-ollnóva a mhíniú, thuairimigh siad gur réad í an neodrónréalt a thagann chun saoil mar thoradh nó mar iarsma i ndiaidh ollnóva. Is é is ollnóva ann ná réalta a lasann suas i dtoibinne, agus í ag soilsiú níos lonrúla ná réaltra iomlán ar feadh roinnt laethanta nó seachtainí.