Forshreabhacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Airí a léiríonn héiliam leachtach ag teocht faoi bhun -271 °C: bíonn a shlaodacht cothrom le nialas, agus ní thugann sé aon fhriotaíocht do shreabhadh. Léiríonn héiliam forshreabhach airíonna neamhchoitianta, mar shampla, an cumas snámh amach as soitheach, de réir dealraimh, ar neamhchead don domhantarraingt, agus ní féidir é a chur ag casadh mar is féidir a dhéanamh le réad soladach. Is sampla í an fhorshreabhacht d'iompar candamach, ach ar scála is féidir a fheiceáil go díreach. Piotr Kapitza a d'fhionn an fhorshreabhacht i héiliam-4 ag 2.19 K i 1938, agus léirigh David Lee, Douglas Osheroff is Robert Richardson forshreabhacht héiliam-3 ag .003 K i 1972. Tá an-suim i bhforshreabhacht héiliam-3 mar ábhar tástála i gcomhair iarmhairtí candamacha in ábhar comhdhlúite.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Forshreabhacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 283.