Jump to content

An Bhruiséil: Difríocht idir leaganacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 110: Líne 110:
==Tagairtí==
==Tagairtí==
{{reflist}}
{{reflist}}

==Naisc Sheachtracha==
*[http://www.bruxelles.irisnet.be/en/region.shtml Brussels-Capital Region]. ''Centre d'Informatique pour la Région Bruxelloise'' (Lárionad Réigiúnach Eolais na Bruiséile)
* [http://www.citypictures.org/k-europe-148-belgium-196-brussels-255.htm Pictiúir na Bruiséile]
* [http://www.ilotsacre.be/site/en/default_en.htm Léarscáil Idirghníomhach]
* [http://www.360cities.net:7000/area/brussels-belgium 360º Turas Idirghníomhach na Bruiséile le Google Maps]



[[Catagóir:Cathracha|Bhruiséil, An]]
[[Catagóir:Cathracha|Bhruiséil, An]]

Leagan ó 08:07, 14 Iúil 2009

Teimpléad:Bosca Sonraí - Cathracha

Is í an Bhruiséil (Fraincis: Bruxelles [bʁysɛl], Ollainnis: Brussel [ˈbrɵsəɫ], Gearmáinis: Brüssel [brʏsəl]) príomhchathair na Beilge, na Pléiminne agus Phobal Francach na Beilge. Glactar leis an mBruiséil mar phríomhchathair de facto an Aontais Eorpaigh, agus tá a lán dá institiúidí siúd suite sa chathair. Tá ceanncheathrú Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh suite sa chathair chomh maith.

Is minic a thugtar An Bhruiséil ar réigiún atá níos forleithne ná lár na cathrach féin (Bruxelles-Ville). Sa Pheintigeán (le Pentagone) atá croí na cathrach agus roinnt ceantar uirbeach ag baint leis - Laeken sa tuaisceart, ceantar fíormheánaicmeach (avenue Louise) sa deisceart, an ceantar gnó mar a bhfuil na forais Eorpacha, agus eile. Lasmuigh de sin tá neart ceantar eile - céad ceann ar fad.

Tá cáil an iltíreachais agus na glaise ar an mBruiséil: tá "gréasán glas" ann ar fud na cathrach, agus faichí poiblí á ndéanamh in áit ar bith atá oiriúnach chuige.

Tagann ainm na cathrach ó na focail sean-Ollainnise bruoc (riasc) agus sella (teach sa riasc). Sníonn abhainn na Seine (Zenne/Senne) ó thuaidh tríd an gcathair, agus sceitheadh sí thar bruach nó gur clúdaíodh í sa bhliain 1871.

Is é Armas Mór na cathrach Naomh Mícheál ag sárú diabhal dubh. I rith an Chéad Impireacht thaispeáintí Mícheál ar an Armas faoi mar a bhí sé i gceannas bhailte na hImpireachta.[1]

Stair

Sa bhliain 580 nó mar sin thóg Naomh Gaugericus séipéal ar oileán sa tSein. Timpeall na bliana 979 d'aistrigh Diúc Séarlas Lotairingia Íochtaraí iarsmaí a bhain le Naomh Gudula ó Moorsel go dtí an t-oileán, agus deirtear gur ansin a bunaíodh an Bhruiséil i ndáiríre.

Léarscáil na cathrach, 1555

Bhí an chathair suite ar bhealach mór trádála idir Bruges, Ghent agus Köln, agus d'fhás sí go rábach dá bharr; faoin am a raibh 30,000 duine ann bhí na riasca á dtriomú chun ligean don Bhruiséil borradh, agus sa 11ú haois tógadh na chéad mhúrtha. [2] Bhí an chathair ag fás i gcónaí, agus tógadh múrtha nua idir na blianta 1356 agus 1383. Bhí an Bhruiséil án rialú ag Diúic Bhrabant, agus sa 15ú haois rinneadh príomhchathair phrionsúil na hÍsiltíre di. Ba rathúil an áit í.

Sa bhliain 1516 gairmeadh Rí na Spáinne de Shéarlas V in Ardeaglais Naomh Gudula sa Bhruiséil, cé nach raibh sé ach 6 bliana d'aois ag an am. Sa bhliain 1519 rinneadh Impire Naofa Rómhánach de, agus thug sé suas an choróin sa bhliain 1555 i bPálás Chúdanburg, seanphálás na nDiúc. (Rinneadh luaith de sa bhliain 1731 agus níor atógadh é.)

Sa bhliain 1695 rinne saighdiúirí Rí Louis na Fraince Cearnóg Mhór na cathrach agus 4,000 teach a scrios le gunnaí móra, agus ba mheasade an díobháil sin an tine a lean í. B'éigean an Peinteagán a atógáil sa 18ú haois, rud a chuir cuma eile ar fad ar an gcathair.

Réabhlóid

Eachtra de chuid Réabhlóid na bliana 1830, Gustave Wappers (1834)

Ag Comhdháil Vín sa bhliain 1815, tar éis dhíomua Napoléon, d’áitigh an Bhreatain ar a comhghuaillithe aon stát amháin a dhéanamh de chúigí deisceartacha agus tuaisceartacha na hÍsiltíre mar chosaint ar an bhFrainc.

Tháinig Uilleam I na hÍsiltíre, coimeádach, i gcoróin, ach bhí an Deisceart míshásta. I measc na scéalta a bhí ag dó na geirbe acu bhí an méid a leanas: ba mhó daonra an Deiscirt ná daonra an Tuaiscirt, ach ní raibh a ndóthain teachtaí acu sa Pharlaimint dá réir; bhí cúrsaí oideachais faoi smacht an Stáit ar fad; bhí formhór na bhforas sa Tuaisceart; is beag deisceartach a bhí ina oifigeach sna fórsaí, cé gur ón Deisceart a tháinig formhór na saighdiúirí; bhí an Ollainnis á cur chun cinn, rud nár thaitin le Frainciseoirí ná le lucht labhartha Pléimeanaise féin; theastaigh saoirse iriseoireachta agus cead cruinnithe ó inleachtóirí an Deiscirt; b’áil le coimeádaigh an Deiscirt an Caitliceachas a chur faoi réim arís; bhí earraí an Deiscirt á sárú ag earraí na Breataine.

Ceannaircigh i sráideanna na Bruiséile, Jean-Baptiste Madou 1830

Chuaigh liobrálaigh agus Caitlicigh d’aontaobh, ach d’éirigh an rialtas níos mursanta. [3][4] Bhí an Bhruiséil corraithe, agus sa bhliain 1830 d'éirigh an pobal amach (ceoldráma gríosaithe de chuid Daniel-Francois-Esprit Auber ba chionsiocair leis). Ar 21 Iúil 1831, le toil na náisiúnaithe, tháinig Leopolt I, Rí na mBeilgeach, i réim: leagadh na seanmhúrtha, tógadh tithe nua, agus idir na blianta 1867 agus 1871 clúdaíodh abhainn na Seine toisc í a bheith chomh díobhálach sin. D'fhág sin slí mhór ar fáil chun foirgnimh agus búlbhaird a thógáil.

An Stair Nua-Aimseartha

Tharla an chéad chomhdháil fisice (Comhdháil Solvay) sa bhliain 1927 sa Bhruiséil.

Is minic a tháinig daoine le chéile sa 20ú haois sa Bhruiséil le haghaidh comhdhálacha agus aontaí. Orthu sin bhí Comhdháil Solvay sa bhliain 1927 agus dhá aonach dhomhanda : Taispeántas Idirnáisiúnta na Bruiséile (1935) agus Expo '58.

Sa Dara Cogadh Domhanda bhí Aerfhórsa na Gearmáine ag buamáil na cathrach ó 10 Bealtaine 1940 amach, ach sna blianta 1944 agus 1945 ba mhó a rinneadh scrios.

Aeráid

Toisc go bhfuil an Bhruiséil cois farraige bíonn aer ón Aigéan Atlantach ag bogadh na haeráide. Tá riasca in aice na cathrach agus an bogadh céanna ar siúl acu. Tríd is tríd, de réir na dtomhaiseanna a rinneadh le céad bliain anuas, bíonn timpeall 200 lá báistí gach bliain ag an bpríomhchathair.[5]

Cúrsaí Rialtais

Tá an Bhruiséil ar na trí réigiún atá sa Bheilg; tá Pobal Fraincise ann freisin agus Pobal Pléimeanaise, agus lámh acu i gcúrsaí cultúir sa Bhuiséil. Is iad an Fhraincis agus an Phléimeanais na teangacha oifigiúla, agus formhór na seirbhísí poiblí ar fáil tríothu, ach Frainciseoirí is ea 85%-90% de phobal na Bruiséile.[6]

Institiúidí

Is an-chasta amach iad institiúidí poiblí na Bruiséile de bharr cúrsaí cónaidhme agus toisc nár nascadh comhairlí an réigiúin le chéile mar a tharla i gcás chomhairlí eile na Beilge san seachtóidí. Níl an oiread sin castachta ann i ndáiríre, agus baill na Parlaiminte agus an Rialtais ag feidhmiú ar shlite eile mar bhaill de chomhairle na Bruiséile nó de na coimisiúin phobail.

An Pharlaimint agus Forais Logánta

Parlaimint na Bruiséile
  • Tá rialtas régiúnach ann agus naoi dteachta is ochtó sa Pharlaimint. Frainciseoirí dhá dhuine is seachtó acu siúd, agus lucht labhartha Pléimeanaise seacht nduine dhéag acu: tá bun teanga leis na páirtithe. Bíonn Fraincis ag an Aire-Uachtarán, Fraincis ag beirt Airí agus Pléimeanais ag beirt eile, Fraincis ag beirt rúnaithe stáit agus Pléimeanais ag rúnaí amháin eile. Is féidir leis an bParlaimint reachtanna a rith atá ar comhstádas le dlíthe náisiúnta.
  • Tá cruinniú stáit ann, foras a bhfuil comhairle agus bord aige. Foras dílárnaithe riaracháin atá ann agus obair á déanamh aige a dhéanann údaráis áitiúla sa chuid eile den Bheilg (i gcúrsaí bruscair, dóiteáin agus eile).
  • Tá Comh-Choimisiún Pobail ann (Commission communautaire commune, COCOM, i bhFraincis, Gemeenschappelijke Gemeenschapscommissie, GGC, i bPléimeannais), agus baint ag baill na Parlaiminte agus ag Airí an réigiúin leis. Foras dílárnaithe riaracháin é a chuireann polasaithe cultúrtha a bhaineann leis an dá phobal i bhfeidhm. Is féidir leis fóirdheontais a dháileadh agus reachtanna a rith.
  • Tá sé cheantar póilíneachta ann.
  • Tá cumainn idirphobail ann a gcuireann na húdaráis áitiúla ar bun iad.

Teangacha

Sa bhliain 1991 dúirt 63% de phobal réigiún na Bruiséile gur shaoránaigh Bheilgeacha iad a rugadh sa tír. Ach tá tarraingt daoine ar an gcathair ó dheireadh an 18ú haois – teifigh pholaitiúla, oibrithe, mic léinn – agus is iomaí Bruiséalach a bhfuil sinsir eachtrannacha aige, gan trácht ar a bhfuil de dhaoine ann nach fada ina saoránaigh iad. Mheall an Coimisiún Eorpach mórán, agus tá an Bhruiséil ilteangach: Araibis, Tuircis, Spáinnis, Iodáilis, Polainnis, Beirbis, Béarla. Ón bhFrainc agus ó Mharacó a thagann an chuid is mó de na hinimircigh. Tá bunchanúint na cathrach – canúint de Bhrabantais (Pléimeanais an réigiún) – á labhairt fós ag roinnt Bruiséalach, agus í breac le focail Fraincise. Bhí an Fhraincis in ann teacht chun tosaigh de bharr an easpa measa a bhí ar an bPléimeanais tráth. Is chnámh mhór spairne fós í ceist na dteangacha sa dteangacha sa Bhruiséil, cé gur tháinig maolú ar thuile na Fraincise.

Foirgnimh

An Chearnóg Mhór

Is ábhar mór suntais iad na seantithe Pléimeanacha i lár na cathrach, ach thar aon rud eile is í an Bhruiséil cathair an Art Nouveau, stíl a bhí san fhaisean agus bruachbhailte á dtógáil ag an am. Tar éis an Chogaidh thosaigh an mheánaicme ag cur fúthu ar imeall na cathrach, ach ón mbliain 2000 ar a laghad tá daoine ag teacht ar ais go dtí lár na cathrach, ag deisiú agus ag maisiú ceantar a bhí ag titim chun raice. Tá mórán seantithe trí urlár ann, iad sách cúng agus bailithe le chéile ina gcloigíní, agus gairdíní le fáil iontu atá ag teacht leis na faichí amuigh.

Níl oifigí in easnamh ar an gcathair, ar ndóigh, agus an Coimisiún Eorpach lonnaithe i gcuid mhaith acu, go háirithe in oirthear na Bruiséile.

Geilleagar

Ceantar gnó na Bruiséile

Is í an Bhruiséil príomhionad riaracháin na hEorpa, agus dá bhrí sin tá an geilleagar ag brath ar sholáthar na seirbhísí. Tá an chathair ina ceanncheathrú ag comhlachtaí, ag institiúidí agus ag rialtais, agus an Coimisiún Eorpach go suntasach ina measc.

Tá tionscail cheardaíochta ann freisin, leithéid Ghrúdlann Cantillon, gnó a thosaigh sa bhliain 1900.

Bia agus Deoch

Tá iomrá ar bhocairí agus ar sheacláid na Bruiséile.

Tá iomrá ar bhocairí, ar sheacláid agus ar bheoir na Bruiséile, agus tá timpeall 1,800 teach itheacháin ann, gan trácht ar bheáir den scoth, ar bhiostrónna agus ar chaifí. Ina theannta sin, tá fáil ar bhia gasta idirnáisiúnta. Is cosúil na caifí le beáir, agus beoir nó bia éadrom le fáil iontu; tugtar salons de thé ar na tithe caife, agus is iomaí brasserie ann mar a bhfaighfeá a lán saghsanna beorach agus béilí náisiúnta.

Meascán de bhia Francach agus de bhia Pléimeanach atá i gcócaireacht na Beilge, agus tá éileamh ar na bocairí (gaufres) agus ar na diúilicíní (atá le fáil le sceallóga mar moules frites). Ní deacair teacht ar sheacláidí de gach sórt agus ar sceallóga.

Beoir ar leith a dhéantar sa Bhruiséil, agus ó ghleann na Seine a thagann na giostaí, cé go bhfuil tóir ar bheoir shílíní (Kriek) freisin, mar atá sa chuid eile den tír.

Ollscoileanna

Université Libre de Bruxelles/Saor-Ollscoil na Bruiséile (Fraincis)

Tá a lán ollscoileanna sa Bhruiséil: is iad an bheirt is mó an Université Libre de Bruxelles (ollscoil Fraincise a bhfuil timpeall 20,000 mac léinn ann) [7] agus an Vrije Universiteit Brussel (ollscoil Phléamainise a bhfuil timpeall 10,000 mac léinn ann) [8].

D’eascair an bheirt seo as ollscoil a bunaíodh sa Bhruiséil sa bhliain 1834 – Saor-Ollscoil na Bruiséile; rinneadh dhá leath di sa bhliain 1970, nuair a chuaigh an dá phobal i dtreis maidir le cúrsaí ardléinn.

Tagairtí

  1. http://www.ngw.nl/int/bel/b/brussel.htm
  2. Zo ontstond Brussel Vlaamse Gemeenschapscommissie - Commission of the Flemish Community in Brussels
  3. Logie, Jacques, De la régionalisation à l'indépendance, 1830, éditions Duculot, Paris-Gembloux, Paris-Gembloux 1980 ISBN 2-8011-0332-2, lgh 12-21
  4. Stengers, Jean, Histoire du sentiment national en Belgique des origines à 1918, tome 1, Les Racines de la Belgique, éditions Racine, Bruxelles, 2000 ISBN 2-87386-218-1, p. 177-181.
  5. Site de l'institut météorologique belge
  6. Níl sna figiúirí sin ach meastachán, toisc nach bhfuil eolas daonáirimh le fáil ar cheisteanna teanga.
  7. http://www.ulb.ac.be/docs/ulb-prestige/indexuk.html
  8. http://www.vub.ac.be/english/home/about.html

Naisc Sheachtracha

Teimpléad:Nasc AR