Wolfgang Borchert

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaWolfgang Borchert

(1941) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Bealtaine 1921
Hamburg Cuir in eagar ar Wikidata
Bás20 Samhain 1947
26 bliana d'aois
Basel, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Heipitíteas)
Áit adhlacthaReilig Ohlsdorf 53°37′11″N 10°02′05″E / 53.619647°N 10.034636°E / 53.619647; 10.034636 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síGymnasium Eppendorf (en) Aistrigh (1932–) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Gairmdrámadóir, scríbhneoir, file, gearrscéalaí, trodaí frithbheartaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCóiriú drámaí
GluaiseachtTrümmerliteratur
TeangachaAn Ghearmáinis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
MáthairHertha Borchert
Síniú

Suíomh gréasáinborchertgesellschaft.de Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0096042 Allocine: 510831
Musicbrainz: ef153efa-0ec6-4d5b-b51c-263857045c43 Discogs: 702365 Find a Grave: 21915 Cuir in eagar ar Wikidata

Áirítear Wolfgang Borchert (20 Bealtaine 1921, Hamburg - 20 Samhain 1947, Basel, an Eilvéis) ar dhuine de na scríbhneoirí móra i dtréimhse an chineál litríochta iarchogaidh, ar a dtugtar Trümmerliteratur, nó litríocht na bhfothrach, i stair litríochta na Gearmáine.

1940

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí a athair, Fritz Borchert, ina mhúinteoir bunscoile, agus bhain a mháthair, Hertha Borchert, amach cáil áirithe áitiúil ag cumadh filíochta i gcanúint an tuaiscirt. Thosaigh an mac ag scríobh dánta nuair a bhí sé cúig bliana déag, agus cuid acu á bhfoilsiú ar an nuachtán áitiúil, Hamburger Anzeiger.

1943/1944

Go gairid roimh an gcogadh, rinneadh printiseach siopadóra leabhar de, ach níor fhan sé ansin, nó bhí a chroí sáite san amharclannaíocht. Chaith sé trí mhí ina aisteoir i Hannover, ach ansin, tháinig an ghairm shlógtha, agus b'éigean dó troid ar an gcathéadan thoir, sa Rúis.

1945

I Mí Eanáir 1942, goineadh é, agus nuair a bhí sé ag éileamh leis an gcneá, buaileadh breoite le diftéire é. Caitheadh an drochamhras air go raibh sé tar éis é féin a ghoin le teacht slán ón gcathéadan, agus chuaigh an scéal chun na cúirte. Bhí an t-ionchúisitheoir ag éileamh go gcuirfí chun báis é, ach d'éigiontaigh an coiste cúirte é.

Níor scaoileadh saor é go fóill, áfach, nó bhí sé tar éis Hitler a cháineadh ina chuid comhfhreagrais phríobháidigh. Chaith sé sé seachtaine i mbraighdeanas dá thoradh sin, agus ansin, cuireadh ar ais go dtí an cathéadan thoir é. Bhí sé ag dul ó ospidéal go hospidéal, agus na Naitsithe ag cur an dlí air uair i ndiaidh a chéile, go dtí gur fhill sé abhaile i Mí na Bealtaine den bhliain 1945. Faoin am seo, bhí sé an-tinn, agus ní raibh sé le biseach a fháil choíche.

Generation ohne Abschied, le Wolfgang Borchert

I ndiaidh an chogaidh, rinne sé iarrachtaí áirithe a chuid a shaothrú ag amharclannaíocht, ach níor cheadaigh a dhrochshláinte dó leanúint leis an obair seo. Nuair a dúirt na dochtúirí nach raibh ach bliain nó dhó fágtha aige, chrom sé ar an scríbhneoireacht, agus chum sé thart ar fiche gearrscéal i dtréimhse ghairid. Bhí sé ábalta a phríomhshaothar, an dráma Draussen vor der Tür ("Amuigh ar an tairseach") a chríochnú sular shíothlaigh sé i dteach téarnaimh i mBasel, an Eilvéis.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Borchert go mór mór faoi thionchar an eispriseanachais, ach d'fhág leithéidí Kurt Tucholsky agus Erich Kästner a lorg air chomh maith. Fuair sé bás go ró-óg le páirt cheart a ghlacadh i saol liteartha na tíre. Bhí sé ag éileamh go dtabharfaí droim láimhe lena raibh ann roimh an gcogadh, ó bhí an litríocht féin náirithe ag an Naitsíochas.

Chuaigh an dearcadh seo go mór mór i bhfeidhm ar lucht a chomhaimsire, go háirithe scríbhneoirí Gruppe 47. "Ní hí an dea-ghramadach atá uainn", a dúirt sé, "ach scríbhneoirí a thugann crann ar chrann agus bean ar bhean. Ní mór gach sórt a scríobh go simplí soiléir, gan dul i dtuilleamaí an mhodha choinníollaigh."

Eppendorfer Landstraße in Eppendorf

Dánː 'Versuch es'[1][2][cuir in eagar | athraigh foinse]

Stell dich mitten in den Regen, glaub an seinen Tropfensegen spinn dich in das Rauschen ein - und versuche gut zu sein!

Stell dich mitten in den Wind, glaub an ihn und sei ein Kind – laß den Strum in dich hinein - und versuche gut zu sein.

Stell dich mitten in das Feuer, liebe dieses Ungeheuer in des Herzens rotem Wein - und versuche gut zu sein!

Leagan Gaeilgeː 'Dein Iarracht'[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seas faoi thulca na fearthainn Aithin na beannachtaí sna braonaíocha Tarraing an monabar thart ort mar bhrat Is dein iarracht a bheith go maith!

Seas i mbéal na gaoithe Creid inti agus bí id leanbh Scaoil an scríob isteach ionat Is dein iarracht a bheith go maith!

Seas i gcorplár na tine Gráigh an tarrachtach Le fíon dearg do chroí-se Is dein iarracht a bheith go maith!

Leagan Gaeilge le Aogán Ó Muircheartaigh bunaithe ar leagan le Dominique Lieb/Púca Press

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Versuch es - Deutsche Lyrik". www.deutschelyrik.de. Dáta rochtana: 2021-11-20.
  2. "Versuch es (Wolfgang Borchert) – Meinstein" (de-DE). Dáta rochtana: 2021-11-20.