Wilhelm Reich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Wilhelm Reich

Sícanailísí a rugadh i nDobrzcynica na Polainne (san Ostar-Ungáir ag an am) ab ea Wilhelm Reich (1897-1957). Scar sé le lucht tuairime Freud agus shaothraigh teoiric inar tharla néaróis de bharr mothúcháin nó fuinnimh ghnéasaigh shrianta neamhscaipthe. Ina chónaí sna Stáit Aontaithe ó 1939, ach ar deireadh cuireadh i bpríosún é as cóireáil cham agus fuair sé bás sa phríosún.