Néaróis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mí-eagar meabhrach a bhaineann le hardleibhéal imní, faitíos a thuigeann an fulangaí a bheith míréasúnach, agus bealaí áibhéileacha nó neamhchoinsiasacha chun dul i ngleic leo. Bíonn na siomtóim anróiteach don fhulangaí agus míthaitneamhach do dhaoine eile. Bíonn an mí-eagar buan, agus ag an am céanna bíonn an réaltacht iomlán don fhulangaí. Samplaí is ea hipeacoindre, an neamhord éigníoch dúghafach, agus neamhoird fóibe.