Hipeacoindre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cúram iomarcach intinne ar shláinte fhisiciúil agus eagla iomarcach faoi ghalair. Ceapann an hipeacoindreach gur toradh ar ghalair throma a bhíonn i siomtóim choitianta fhisiciúla (mar shampla, gur siad inchinne is bun le tinneas cinn). Is féidir go gcuirfidh an eagla roimh ghalair isteach ar ghnáthchúrsaí an lae, le scrúduithe fánacha dochtúra agus laghdú muiníne as dochtúirí.