Wilhelm Conrad Röntgen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Wilhelm Röntgen

Fisicí a rugadh i Lennap na Gearmáine ab ea Wilhelm Conrad Röntgen (27 Feabhra 184310 Feabhra 1923). I 1895 d'fhionn sé X-ghathanna is é ag déanamh taighde ar fheadán ga-chatóideach. Fuarthas go raibh scannáin grianghrafadóireachta ar an mbinse taobh leis nochtaithe, bíodh is go raibh siad fillte i bpáipéar teimhneach. Gathanna éigin ón bhfeadán de chineál nach raibh ar eolas go dtí sin a bhí ag imoibriú leis an eibleacht. Thug sé X-ghathanna orthu, ach sa Ghearmáin tugtar gathanna Röntgen orthu fós. Ina dhiaidh sin chruthaigh sé íomhá cháiliúil de chnámha is fáinne a bhean chéile, agus thosaigh feidhmiú iontach X-ghathanna sa mhíochaine. Leis an mbeirt Curies, bhuaigh sé an chéad Duais Nobel sa bhfisic i 1901 as a fhionnachtain.