Feadán ga-chatóideach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gléas fíorthábhachtach leictreonach is ea feadán ga-chatóideach (cathode ray tube). Úsáidtear é sa luascóp ga-chatóideach, mar shampla, lenar féidir comharthaí leictreacha a thaispeáint ar scáileán chun iad a thomhas agus athruithe a thagann orthu ó am go chéile a fheiceáil.

Míniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leictreachas
X-ghathanna

Buidéal gloine neartaithe atá sa bhfeadán, agus folús istigh ann. Bíonn bun leathan ag ceann amháin den fheadán, agus an taobh istigh de clúdaithe le hábhar tineghealánach: is é seo scáilean an fheadáin.

Istigh sa bhfeadán, bíonn leictreonghunna chun léas comhlínithe leictreon a ghiniúint. Bíonn dhá phéire leictreoidí sraonta chun sraonadh ceartingearach is sraonadh cothrománach a chur i bhfeidhm ar an léas leictreon. Taobh istigh den ábhar tineghealánach ar an scáileán, bíonn ciseal fíorthanaí leictreoide a fheidhmíonn mar anóid dheireanach chun na leictreoin sa léas a bhailiú as an bhfeadán.

Nuair a bhuaileann na leictreoin fhuinniúla an t-ábhar tineghealánach ar an scáileán, ardaíonn an turraing sin fuinneamh na leictreon fiúsach san ábhar sin.

Díreach ina dhiaidh sin filleann na leictreoin sin ar ais síos go dtí a ngnáthleibhéal fuinnimh, agus astaítear an difríocht fuinnimh i bhfoirm solais infheicthe. Ní mhaireann an breo ar feadh i bhfad, agus imíonn sé beagnach go díreach nuair a scoirtear an turraing leictreon.

Braitheann dath an tsolais seo ar an ábhar tineghealánach a bhíonn ar an scáileán. Tá ábhair thineghealánacha a astaíonn dath glas, buí, is gorm, agus úsáidtear iad go forleathan sna feadáin i ndéanamh luascóp ga-chatóideach.

Scáileán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa 20ú haois, úsáideadh sa teilifíseán freisin é. Sa bhfeadán i dteilifíseán daite, baintear úsáid as 3 ábhar tineghealánach scartha, a astaíonn na príomhdhathanna — dearg, gorm is glas — chun gur féidir iad a mheascadh d'fhonn dathanna eile a chruthú.

Nuair a bhreathnaíonn duine ar scáileán an fheadáin, feiceann sé pointe solais dhíomuain ag an ionad sa scáileán ag a dtarlaíonn an turraing idir an léas leictreon is an scáileán. Má shraontar an léas go leanúnach, feicfidh sé patrún an tsraonta de bharr marthanacht an bhreo.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Feadán ga-chatóideach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 257.