Innealtóireacht mheicniúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Brainse innealtóireachta ina ndéantar meaisíní de gach saghas a dhearadh, a thógáil is a fheidhmiú. Tagann táirgeadh is feidhmiú fuinnimh mheicniúil san áireamh freisin. Bíonn innealtóirí meicniúla ag dearadh, ag tástáil is ag feabhsú inneall chun cumhacht áisiúil mheicniúil a ghiniúint ó ghal, peitreal, fuinneamh núicléach is foinsí eile, agus raon leathan meaisíní gaolmhara. Rinneadh réimse ar leith den innealtóireacht mheicniúil nuair a tugadh innill gaile isteach i gcúrsaí déantúsaíochta sa 19ú céad leis an Réabhlóid Thionsclaíoch a ghéarú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Innealtóireacht mheicniúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 371.