Uilleam Uallas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Uilleam Uallas, dealbh às an 18mh linn

Ba ridire Albanach agus úinéir talaimh é Uilleam Uallas ( 1272 - 23 Lúnasa, 1305), a bhain clú amach mar cheannaire le linn Chogadh Neamhspleáchais na hAlban, agus sa lá atá inniu ann, tá cuimhne air mar tírghráthóir agus laoch náisiúnta na hAlban. Chomh maith le Andrew Moray, chloígh sé arm na Sasanach ag Blàr Droichead Shruighlea, agus d'fhreastal sé mar Chaomhnór na hAlban go dtí gur buadh air i mBlàr na h-Eaglaise Brice. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, gabhadh Wallace i Robroyston, in aice le Ghlaschú, agus tugadh ina phríosúnach é don Rí Éadbhard I Shasana, a chuir chun báis é mar bhrathadóir.