Uachtarán na Stát Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de càrrec políticUachtarán na Stát Aontaithe
seal of the president of the United States (en) Aistrigh bratach Uachtarán na Stát Aontaithe
SealbhóirJoe Biden
ó 20 Eanáir 2021
OnórachMr. President (en) Aistrigh, The Honourable (en) Aistrigh agus Excellency (en) Aistrigh
CónaitheAn Teach Bán, Samuel Osgood House (en) Aistrigh, Alexander Macomb House (en) Aistrigh agus President's House (en) Aistrigh
Ceaptha agUnited States Electoral College (en) Aistrigh agus Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe
DlínseStáit Aontaithe Mheiriceá
InstitiúidRialtas Feidearálach Stát Aontaithe Mheiriceá
StáitStáit Aontaithe Mheiriceá
Sainordú4 bliain agus 4 bliain
Cruthú30 Aibreán 1787
Tuarastal400,000 dollair na Stát Aontaithe
IonadaíLeas-Uachtarán na Stát Aontaithe
Liostaliosta uachtaráin na Stát Aontaithe
Suíomhwhitehouse.gov…

Is é Uachtarán na Stát Aontaithe an t-oifigeach polaitiúil agus feidhmeannach is airde i Stáit Aontaithe Mheiriceá.[1] Is é Ceann Stáit agus ceannaire na bhfórsaí armtha, agus feidhmíonn sé mar cheannaire ar thrí chraobh an rialtais (scaradh cumhachtaí). Is iad[2]

Is é an t-uachtarán agus a chomh-aireacht a choinníonn an tír ag imeacht, ach is é an brainse reachtach a mholann, a phléann, agus a cheadaíonn na dlíthe ar a ritheann an tír.[3]

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghtar Uachtarán na S-A chuig téarma oifige ceithre bliana. Ó 1951 i leith, ní féidir le huachtarán níos mó ná 2 théarma a chaitheamh sa phost. Go hiondúil ní thugtar dúshlán an té atá in oifig má roghnaíonn sé an dara téarma a lorg.[4][5]

Níl ach ball tofa amháin sa Bhrainse Feidhmiúcháin - an t-uachtarán féin, a thoghtar gach ceithre bliana. Roghnaíonn an t-uachtarán cúigear déag dá chomh-aireacht, ach ní gá do bhaill na comh-aireachta a bheith ina bhFeisirí in aon chor.

Toghtar an t-uachtarán gach ceithre bliana, ach na baill eile ar bhonn scaipthe gach dhá bhliain.[3] De ghnáth, tar éis toghchán lár téarma bíonn páirtí an Uachtaráin cloíte agus ciúin. Bíonn siad ag díriú ar thréimhse beagnach dhá bhliain nuair nach mbíonn sé ar a gcumas aon dul chun cinn a dhéanamh ná aon pholasaí a chur i bhfeidhm.[5]

Is é Joseph R. Biden an t-uachtarán reatha. Toghadh sa bhliain 2020 é agus chuaigh sé i mbun dualgais ar 20 Eanáir 2021.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Presidents" (en-US). The White House. Dáta rochtana: 2023-02-12.
  2. "Branches of Government | house.gov". www.house.gov. Dáta rochtana: 2023-02-12.
  3. 3.0 3.1 Brian Ó Broin (Márta 2006). "Rialtas na Stát Aontaithe - daonlathas, praiticiúlacht agus ollchumhacht" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-02-12.
  4. Thug Ted Kennedy dúshlán Jimmy Carter i 1980 ach theip air, thug Ronald Reagan dúshlán Gerry Ford ach theip air, agus ansin theip ar Ford sa toghchán uachtaránachta agus thug Eugene McCarthy dúshlán Lyndon B Johnson i 1968
  5. 5.0 5.1 Máirín Ní Ghadhra (10 Feabhra 2023). "Níl aon éalú ón gceist mhór – aois an Uachtaráin Biden" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-12.

Liosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimh Uachtarán Téarma in oifig Páirtí Leas-Uachtarán
1 George Washington 1789-1797 gan pháirtí aon John Adams
2 John Adams 1797-1801 Feidearálach Thomas Jefferson
3 Thomas Jefferson 1801-1809 Daonlathach-Poblachtach Aaron Burr agus George Clinton
4 James Madison 1809-1817 Daonlathach-Poblachtach Elbridge Gerry
5 James Monroe 1817-1825 Daonlathach-Poblachtach Daniel D. Tompkins
6 John Quincy Adams 1825-1829 Daonlathach-Poblachtach John C. Calhoun
7 Andrew Jackson 1829-1837 Daonlathach John C. Calhoun agus Martin Van Buren
8 Martin Van Buren 1837-1841 Daonlathach Richard Mentor Johnson
9 William Henry Harrison 1841-1841 Fuig John Tyler
10 John Tyler 1841-1845 Fuig Níl aon
11 James Knox Polk 1845-1849 Daonlathach George M. Dallas
12 Zachary Taylor 1849-1850 Fuig Millard Fillmore
13 Millard Fillmore 1850-1853 Fuig Níl aon
14 Franklin Pierce 1853-1857 Daonlathach William R. King
15 James Buchanan 1857-1861 Daonlathach John C. Breckinridge
16 Abraham Lincoln 1861-1865 Poblachtach Hannibal Hamlin agus Andrew Johnson
17 Andrew Johnson 1865-1869 Daonlathach Níl aon
18 Ulysses S. Grant 1869-1877 Poblachtach Schuyler Colfax agus Henry Wilson
19 Rutherford B. Hayes 1877-1881 Poblachtach William A. Wheeler
20 James A. Garfield 1881-1881 Poblachtach Chester A. Arthur
21 Chester A. Arthur 1881-1885 Poblachtach Níl aon
22 Grover Cleveland 1885-1889 Daonlathach Thomas A. Hendricks
23 Benjamin Harrison 1889-1893 Poblachtach Levi P. Morton
24 Grover Cleveland 1893-1897 Daonlathach Adlai E. Stevenson
25 William McKinley 1897-1901 Poblachtach Garret A. Hobart agus Theodore Roosevelt
26 Theodore Roosevelt 1901-1909 Poblachtach Níl aon ansin Charles W. Fairbanks
27 William Howard Taft 1909-1913 Poblachtach James S. Sherman
28 Woodrow Wilson 1913-1921 Daonlathach Thomas R. Marshall
29 Warren G. Harding 1921-1923 Poblachtach Calvin Coolidge
30 Calvin Coolidge 1923-1929 Poblachtach Níl aon then Charles G. Dawes
31 Herbert Hoover 1929-1933 Poblachtach Charles Curtis
32 Franklin D. Roosevelt 1933-1945 Daonlathach John Nance Garner agus Henry A. Wallace agus Harry S. Truman
33 Harry S. Truman 1945-1953 Daonlathach Níl aon ansin Alben W. Barkley
34 Dwight D. Eisenhower 1953-1961 Poblachtach Richard Nixon
35 John F. Kennedy 1961-1963 Daonlathach Lyndon B. Johnson
36 Lyndon B. Johnson 1963-1969 Daonlathach gan leasuachtarán, ansin Hubert H. Humphrey
37 Richard Nixon 1969-1974 Poblachtach Spiro Agnew, ansin gan leasuachtarán, ansin Gerald Ford
38 Gerald Ford 1974-1977 Poblachtach Gan leasuachtarán, ansin Nelson Rockefeller
39 Jimmy Carter 1977-1981 Daonlathach Walter F. Mondale
40 Ronald Reagan 1981-1989 Poblachtach George H. W. Bush
41 George H. W. Bush 1989-1993 Poblachtach James Danforth Quayle III
42 Bill Clinton 1993-2001 Daonlathach Albert A. Gore, Jr.
43 George W. Bush 2001-2009 Poblachtach Richard B. Cheney
44 Barack Obama 2009-2017 Daonlathach Joseph R. Biden
45 Donald Trump 2017-2021 Poblachtach Mike Pence
46 Joseph R. Biden 2021-inniu Daonlathach Kamala Harris