Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe
(en) Supreme Court of the United States Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálard-chúirt
United States article III court (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1789

Article Three of the United States Constitution (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ballraíocht9 (1869) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú (1935–)
UachtaránachtJohn Roberts (2005–) Cuir in eagar ar Wikidata
Chief Justice of the United States (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataJohn Roberts Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Cuid deUnited States federal courts (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinsupremecourt.gov Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe (Béarla: Supreme Court of the United States) an chúirt is airde sna Stáit Aontaithe. Is cúirt achomhairc í an chúirt uachtarach.

Fealsúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir bhunreacht na Stát Aontaithe tá scaradh iomlán idir an Feidhmeannas (An tUachtarán agus a chuid airí), an Reachtas (An Chomhdháil agus an Seanad), agus na breithiúna. Mar sin tá ról níos lárnaí ag Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ná mar atá ag Cúirt Uachtarach na hÉireann de bharr gur tír fheidearálach í na Stáit Aontaithe agus gur ag an Chúirt atá an focal deiridh i roinnt na cumhachta idir na stáit éagsúla agus an rialtas feidearálach.[1]

Ballraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Chúirt Uachtarach comhdhéanta de Príomh-Bhreitheamh na Stát Aontaithe, chomh maith le hochtar breitheamh eile. Ainmníonn uachtarán na tíre na breithiúna. Deimhnítear iad tar éis "comhairle agus comhthoiliú" (vóta tromlaigh) an tSeanaid. Tá na breithiúna ceaptha don saol.

Bíonn ceapachán breithimh go mór i mbéal an phobail i dtólamh de bharr a thábhachtaí is atá an chúirt i saol polaitíochta agus sóisialta na tíre. Tá an nós ann i gcónaí go gceapfadh an t-uachtarán breithimh a mbeadh an fhealsúnacht chéanna acu is atá aige féin - liobrálach i gcás uachtaráin Dhaonlathaigh agus coimeádach i gcás uachtaráin Phoblachtaigh.

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó aimsir Ronald Reagan i leith tugadh taobh na polaitíochta isteach i ngnóthaí na gcúirteanna. Ach tá an deighilt domhain i láthair na huaire agus bíonn troideanna fíochmhara i dtithe na Comhdhála le linn ceapacháin breithimh[2]..

Searmanais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugann an t-uachtarán aitheasc faoi staid na haontachta os comhair tithe Chomhdháil Mheiriceá agus breithiúna na Cúirte Uachtaraí ag deireadh mhí Eanáir gach bliain.

Cásanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 29 Márta 1937. West Coast Hotel Co. v Parrish: Cheadaigh an chúirt an dlí um íosphá i stát Washington.[3] Bhí sé ceadaithe ag an rialtas, de thoradh an chinnidh sin, dlíthe a chur i bhfeidhm a chuirfeadh isteach ar choinníollacha pá (agus ar an mhargadh go ginearálta). Déanta na fírinne, thug sé seo cumhacht níos mó don rialtas feidearálach agus meastar nach mbeidís in ann an Bheart Nua (New Deal} de chuid Franklin D. Roosevelt a chur i gcrích i gceart murach na cumhachtaí nua seo.[4]
  • Taispeántas. Brown v The Board of Education:
    17 Bealtaine 1954. Brown v The Board of Education: Rialaigh an chúirt go raibh an dlí i gcuid de na stáit a chuir scoileanna poiblí ar leith ar fáil, do pháistí geala agus do pháistí gorma, ag teacht salach ar an bhunreacht. Réitigh an cinneadh seo an bealach don ghluaiseacht um chearta sibhialta a chuaigh chun cinn i ndeireadh na gcaogaidí agus sna seascaidí..[5]
  • 5 Márta 1956. Frasier v. Board of Trustees of the University of North Carolina: sheas an Chúirt Uachtarach leis an gcosc ar leithlisiú ciniúil i scoileanna stáit, coláistí agus, sa chás seo, sna ollscoileanna.[6][7][8][9][10]
  • 12 Meitheamh 1967. Loving v. Virginia[11]ː Rialaigh an chúirt go raibh deighilt ar bhonn cine i stáit áirithe ag teacht salach ar an bhunreacht. Bhí sé dírithe ar phósadh idirchiníoch mhuintir Loving in Virginia sna seascaidí. Bhí an pósadh idirchiníoch mídhleathach i Virginia na linne, mar a bhí in áiteanna eile, agus tharraing an bheirt srathair na hainnise orthu féin nuair a d’fhilleadar ar an bhfód dúchais tar éis pósadh in Washington DC.[12] Sheas siad an fód agus chuaigh an cás a fhad le cúirt uachtarach Mheiriceá.[13] Is ceiliúradh ar an ilchiníochas "Lá Loving" inniu, ar an 12 Meitheamh gach bliain.
  • Roe v Wade
    22 Eanáir 1973. Roe v Wade: Chuir an chúirt deireadh leis an chosc iomlán ar ghinmhilleadh. Rialaigh an chúirt go bhféadfadh dlí stáit cosc a chur ar ghinmhilleadh tar éis don suth a bheith inmharthana, ach roimhe sin go mbíonn tosaíocht ag cearta príobháideachta na mná.[14]
Príomhalt: Roe v. Wade

Féách freisin ː rialú na Cúirte Uachtaraí ar 3 Bealtaine 2022 an ceart a bhíodh ann ginmhilleadh a fháil curtha ar neamhní.[15]

  • 2 Iúil 1976. Gregg v Georgia: Rialaigh an chúirt nach dtagann éiric an bháis salach ar bhunreacht na stát aontaithe. Ina dhiaidh seo, tháinig fás suntasach faoi líon na bpríosúnach a teilgeadh chun báis de bhéal snáithide, den chathaoir aibhléise nó ar bhealach eile.[16]
  • Bush v. Gore. Agóid 11 Nollaig 2000
    12 Nollaig 2000. Bush v. Gore.[17] Chuir an Chúirt Uachtarach deireadh le athchomhaireamh na vótaí in olltoghchán na bliana 2000. Meastar go mbunaíonn roinnt de na breithiúna a gcuid cinneadh, ní ar a gcuid fealsúnachta dlí, ach go díreach ar an dearcadh polaitíochta atá acu.
  • 21 Eanáir 2010. Citizens United v Federal Electoral Commission: Bheartaigh an chúirt nach bhfuil sé dleathach aon srian a chur ar chaiteachas a dhéanfadh corparáid ar chraolta polaitiúla de bharr go dtiocfadh a leithéid de shrian a bheith salach ar Chéad Leasú an Bhunreachta.[18] Tugann an Chéad Leasú cosaint do chead cainte, agus de réir chinneadh na cúirte, is ionann corparáid agus duine chomh fada is a bhaineann sé le cead cainte. Meastar go bhfuil tábhacht an-mhór leis an chinneadh de bharr a thábhachtaí is atá caiteachas i dtoghcháin sna Stáit Aontaithe.[19]

Eagraíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann an chúirt le chéile in Washington, D.C. ag 1 First Street.

Uaireanta úsáidtear an acrainm bhéarla "SCOTUS" le tagairt a dhéanamh di.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Láithreán gréasáin na Cúirte Uachtaraí, Stáit Aontaithe Mheiriceá .supremecourt.gov

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "John Paul Stevens agus Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-17.
  2. Beo, Bealtaine 2010
  3. Beo, Bealtaine 2010
  4. Beo, Bealtaine 2010
  5. "John Paul Stevens agus Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-17.
  6. Ollscoil North Carolina
  7. "1956: US court victory for black students" (en-GB) (1956-03-05). Dáta rochtana: 2022-03-05.
  8. Luther A. Huston Special To the New York Times (1956-03-06). "Segregation Ban Extended To Colleges by High Court; Supreme Court Broadens Ban On Segregation to the Colleges Warren's Opinion Cited Negroes' Lawyers File Golf Case Left Standing" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2022-03-05.
  9. M. D. North Carolina United States District Court (1955-09-16). "Leroy Benjamin Frasier et alv Board of Trustees of the University of North Carolina, 1955". 
  10. "Frasier v. Board of Trustees, 134 F. Supp. 589 (M.D.N.C. 1955)" (en). Justia Law. Dáta rochtana: 2023-03-05.
  11. "Loving Day" (as en) (2020-06-12). Wikipedia. 
  12. "Bheadh Oscar tuillte go maith ag Ruth Negga" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  13. "SCANNÁIN 2017: Trainspotting, Bladerunner agus Star Wars ag filleadh …" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  14. Beo, Bealtaine 2010
  15. "Exclusive: Supreme Court has voted to overturn abortion rights, draft opinion shows" (en). POLITICO. Dáta rochtana: 2022-11-13.
  16. Beo, Bealtaine 2010
  17. Bush_v._Gore
  18. v. Wade http://www.youtube.com/watch?v=2Kz-s3K7tfA Anailís ó Keith Olbermann, 21 Eanáir 2010
  19. Beo, Bealtaine 2010