Sobhairce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarSobhairce
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathamonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
SiblíníCermna Finn Cuir in eagar ar Wikidata

Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Sobhairce (Sean-Ghaeilge Sobairce[1]) mac Ebric agus seanfhionnó Mhíl Espáine, le chéile lena dheartháir Cermna Finn.[2]

Tháinig an bheirt i gcoróin i ndiaidh do Chearmna an t-iar-rí, Eochaid Étgudach, a mharú i rith catha ag Teamhair. Na chéad ard-ríthe de shliocht na nUladh ab ea iad. Roinn siad an tír eatarthu, le teorainn idir Droichead Átha agus Luimneach.[3] Bhí Sobairce i réim sa tuaisceart óna cheanncheathrú i nDún Sobhairce, Contae Aontroma; Cermna sa deisceart ó Dhún Chearmna i gContae Chorcaí.

Bhí siad i réim ar feadh daichead bliain. Fuair Sobairce bás, maraithe ag Eochaid Menn, mac rí na bhFomhórach. Maraíodh Cermna an bhliain chéanna ag Eochaid Faebar Glas, mac iar-Ard-Rí Conmáel, i rith Cath Dhún Chearmna.

Achar mam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. sobairce ar eDIL
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 211-213
  3. Foras Feasa ar Éirinn 1.25
  4. Annála na gCeithre Máistrí M3667-3707
Réamhtheachtaí
Eochaid Étgudach
Ard-Rí na hÉireann
(le Cermna Finn)

ACM 1533–1493 RC
FFÉ 1155–1115 RC
Comharba
Eochaid Faebar Glas