Annála na gCeithre Máistrí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leathanach a thráchtann ar na himeachtaí sa bhliain 432

Is éard atá i gceist le hAnnála Ríochta Éireann[1] nó le hAnnála na gCeithre Máistrí[2] ná croinic mheánaoiseach a thugann cur síos ar shaol na hÉireann ó laethanta na Díleann - nó 2242 bhliain i ndiaidh chruthú an domhain, mar a deirtear sa leabhar féin - go dtí an bhliain 1616 i ndiaidh bhreith Chríost.

Téacs[athraigh | edit source]

Tá an chuid is mó de na hannála bunaithe ar fhoinsí níos sine, cé go bhfuil bunsaothar ann freisin. Cuireadh na hannála seo i dtoll le chéile idir na blianta 1632 agus 1636 sa mhainistir Phroinsiasach i gCathair Dhún na nGall agus chois na Drobhaoise. Na hiontrálacha a thagraíonn don 12ú haois agus do na laethanta roimhe sin, fuarthas in annála na manach meánaoiseach iad. Chuaigh na húdair i dtuilleamaí thaifid na n-uasal Gaelach (Annála Uladh, cuir i gcás) le haghaidh eolas ab úire ná sin. Le cur síos a thabhairt ar na himeachtaí sa tseachtú haois déag, bhreac na húdair síos a gcuimhní cinn féin.

Ba é Mícheál Ó Cléirigh, thar aon duine eile, a rinne an scríbhneoireacht, ach más amhlaidh féin, fuair sé cuidiú óna lán daoine léannta eile, ar nós Cú Choigríche Ó Cléirigh, Fearghus Ó Maol Chonaire agus Cú Choigríche Ó Duibhgheannáin. Cé nach raibh ach Mícheál Ó Cléirigh ina Phroinsiasach i ndáiríre, d'éirigh sé coitianta "Na Ceithre Bráithre", agus ina dhiaidh sin, "Na Ceithre Máistrí", a thabhairt orthu, agus ghreamaigh an leasainm seo de na hannála féin. Ba é Fearghal Ó Gadhra, fear uasal ó Chontae Shligigh, a thug urraíocht don tionscadal.

As Gaeilge a scríobhadh na hAnnála seo go léir. Tá cóipeanna den lámhscríbhinn i dtaisce i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; in Acadamh Ríoga na hÉireann; agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Aistriúchán[athraigh | edit source]

Ba é Eoghan Ó Coinnealláin a d'fhoilsigh an chéad aistriúchán suntasach ar na hAnnála sa bhliain 1846. Thosaigh an t-aistriúchán seo ón mbliain 1171 AD, agus níor bhac an Coinneallánach le stair ba sine ná sin. Ba é aistriúchán an Choinneallánaigh an t-aon cheann a raibh tulmhaisiú ceithre dhath air, chomh maith le mapa mór infhillte a thaispeáin bólaí dúchais na dteaghlach uasal ar fud na hÉireann. Fágadh aistriúchán an Choinneallánaigh ar leataobh agus ligeadh i ndearmad é ar feadh céad go leith de bhlianta, ach i dtús na chéad aoise fichead, cuireadh suntas san aistriúchán seo, agus cuireadh in athchló é. I ndiaidh aistriúchán an Choinneallánaigh, chuir an staraí Eoin Ó Donnabháin Béarla ar na hAnnála go léir. Fuair sé deontas £1,000 le haghaidh na hoibre seo ón stát, agus ba é an matamaiticeoir clúiteach William Rowan Hamilton a bhain amach an deontas sin dó, nuair a bhí sé ina Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann.

Ceann de na príomhfhoinsí Gaeilge iad na hAnnála dóibh siúd atá ag déanamh taighde ar stair na hÉireann roimh an mbliain 1616. Is iomaí caibidil i dtús na croinice nach bhfuil ann ach liostaí ainmneacha agus dátaí, ach níos deireanaí sa leabhar, tugann na húdair tuairisc i bhfad níos cruinne ar imeachtaí ar choinnigh siad féin cuimhne orthu, agus a lán mionsonraí ar eolas acu.

Tábhacht[athraigh | edit source]

Iad siúd a chuireann dearcadh an lae inniu i bhfeidhm ar fhoinsí ó na laethanta a bhí, is nós leo a chur i leith na nAnnála nár chóir an iomarca muiníne a bheith agat astu ná an iomarca úsáide a bhaint astu, ós rud é nach mbacann na húdair ach le breitheanna, básanna agus gníomhartha na n-uasal Gaelach a chur i míotar gan súil ar bith a choinneáil ar fhorbairt na sochaí ná ar na himeachtaí amuigh sa saol mór. Rud nádúrtha atá ann, áfach, nó is amhlaidh gur sochaí athairlíneach chéimlathach a bhí i sochaí na nGael, agus mar sin, ní shamhlófá a mhalairt de shaoldearcadh le húdair na nAnnála ach oiread.

Ón taobh eile de, is beag foinse atá fágtha againn i nGaeilge ón linn sin, agus tá na hAnnála an-fhiúntach, ó chaitear súil dhúchasach na nGael iontu, abair, ar an dá Éirí Amach i nDeasumhain agus ar Chogadh na Naoi mBliana.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]