Simón Bolívar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Simón José Antonio de la Santísima Trinidad Bolívar y Palacios, ceannaire réabhlóideach i Meiriceá Theas.

Simón Bolívar

Rugadh é i gCaracas, Veiniséala ar an 24ú Iúil 1783. Phós sé in 1802 ach fuair a bhean bás laistigh de bhliain agus níor phós sé arís. Bhain sé le teaghlach uasal a tháinig ar dtús as Tír na mBascach, agus rinne siad a saibhreas as mianaigh óir agus copair i Veiniséala ó 1632 i leith. Bhí Bolivar ábalta an saibhreas sin a úsáid chun na cogaí réabhlóideacha i Meiriceá Theas a mhaoiniú.

Fuair Bolivar a chuid oideachais sa bhaile tar éis dá thuismitheoirí bás a fháil, agus bhí an-tionchar ag duine dá mhúinteoirí, Simón Rodriguez, ar an fhear óg. Chuaigh Bolivar chun na Spáinne i 1799 chun bailchríoch a chur ar a chuid oideachais agus ba ann a casadh a bhean, Maria Tereza, air. Chaith sé tamall ag obair do Napoléon Bonaparte.

El Libertador[athraigh | edit source]

D'fhill Bolivar ar Veiniséala i 1807 agus bhí sé páirteach sa troid in aghaidh Napoléon nuair a rinneadh rí na Spáinne de Joseph Bonaparte. D'fhógair an 'junta' i gCaracas a neamhspleáchas i 1810 agus cuireadh Bolivar go Sasana ar mhisean taidhleoireachta.

I 1813 bhí Bolivar i gceannas ar ionradh míleata ar Veiniséala. Ghabh sé Mérida ar an 23 Bealtaine, agus fógraíodh gurb é an Fuascailteoir (El Libertador) é. Lean cogadh a mhair sé bliana go dtí gur éirigh le Bolivar tír fheidearálach neamhspleách a chruthú darbh ainm Gran Colombia. Lean an troid in aghaidh na Spáinne ar feadh na mblianta eile, agus saoradh Peiriú in 1824. Ar an 6ú Lúnasa 1825 cuireadh Poblacht na Bolaive ar bun in ómós do Bolivar, agus scríobh sé bunreacht don tír nua.

Theastaigh ó Bolivar tír mhór fheidearálach a bhunú a bheadh cosúil le Stáit Aontaithe Mheiriceá ach bhí an oiread sin easaontais ann gur fhógair sé é féin ina dheachtóir ar Gran Colombia i 1828. Lean an t-achrann ar aghaidh áfach agus d'éirigh sé as oifig ar an 27 Aibreán 1830, agus fuair sé bás den eitinn ar an 17 Nollaig an bhliain chéanna.