Sagrada Família

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is eaglais chailiúil í an Sagrada Família i mBarcelona a dhréacht Antoni Gaudí. Is é an t-ainm iomlán uirthi ná "Temple Expiatori de la Sagrada Família" nó Teampall cúiteamh an Teaghlaigh Naofa. Tá sí á tógáil fós. Tá an eaglais suite i gceantar an l’Eixample agus is sampla den modernisme Catalónach é. Ní ardeaglais í; is í ardeaglais Santa Eulàlia, óna Méanaoiseanna, ardeaglais Barcelona. Choisric Pápa Beinidict XVI la Sagrada Familia ar an seachtú lá de mhí na Samhna, 2010 agus d'fhógair gur baisleac a bhí ann.

An Eaglais Sagrada Familia i mBarcelona ón taobh istigh

Tósaíodh á tógáil sna 1880í, agus rinne Gaudí maoirseacht air. I ndiadh easaontais idir an príomh-ailtire Francesco del Villar agus an eagraíocht a bhí i gceannas, shann siad Gaudi ar an tionscnamh sa bhliain 1883 agus chrúthaigh sé dearadh iomlán nua. Ag an am sheas an bhaisleac i bpáirc folamh lasmuigh de Barcelona.

D'oibrigh Gaudí ar an eaglais ar feadh 40 bliana, ag chuir a 15 bliana deireanacha san áireamh. Fuair Gaudí bás sa bhliain 1926, lean Domènech Sugranyes ar aghaidh leis an obair go dtí gur tosaíodh Cogadh Cathartha na Spáinne sa bhliain 1935.

An Eaglais Sagrada Familia i mBarcelona

Scriosadh cuid den fhoirgneamh nach raibh críochnaithe go fóill, samhail Gaudi agus a cheardlann i rith an Chogaidh Chathartha. Tá an dearadh atá in úsáid sa lá atá inniu ann bunaithe ar leagan athchruthaithe de na pleananna a cailleadh agus ar ath-chomhthéacsú nua-aimseartha. Ó 1940 ar aghaidh, bhí Francesc Quintana, Isidre Puig Boada, Lluís Bonet i Gari, agus Francesc Cardoner ag leanúint ar aghaidh leis an obair mar ailtirí. Tá Jordi Bonet i Armengol, an stiúthóir reatha agus mac Lluís Bonet, ag iarraidh úsáid a bhaint as ríomhairí le cabhrú leis an dearadh agus an tógáil óna 1980í ar aghaidh.

De réir an nuachtáin El Periódico de Catalunya, thug 2.26 milliún daoine cuairt ar an mbaisleac sa bhliain 2004, de réir cósúlachta is í an áit is mó a dtéann tuarasóirí sa Spáinn comh maith leis an Museo del Prado agus Alhambra. Críochnaíodh corp na heaglaise sa lár sa bhliain 2000, ó shin b'é tógáil an aipsis agus boghta na príomh aidhm, comh maith le structúr tacaíocht don príomh túr de Íosa Chríost agus an clós deisceart de corp lárnach na heaglaise a bheidh mar aigeadh an Ghlóir.

I ngach chuid de dhearadh na heaglaise tá siombalaí an chríostaíocht le féiceáil. Tá 18 túr ollmhór le airde difriúl le ionadaíocht a thabhairt do tabhacht na 12 Aspail, na ceithre soiscéalaí, An Mhaighdean Mhuire agus an túr ba mhó, Íosa Chríost. Beidh dealbh den siombail traidisiúnta ar bharr túr gach soiscealaí: tarbh (Naomh Lúcas), aingil (Naomh Maitiú), iolar (Naomh Eoin), agus Leon (Naomh Marcas). Beidh crois ollmhór ar bharr an túr lárnach, Íosa Chríost; beidh airde iomláin an túr seo (170 m) méadar amháin níos lú ná Montjuïc, toisc gur chreid Gaudí nach bhféadfadh a obair bheith níos fearr (nó níos airde) ná obair . Tá fíonchaora ar bharr na dtúir eile, siombail don toradh spioradálta.

Suaitheantas eile timpeall an Eaglais ná focla ón nua-tiomna cósúil le "Hosanna", "Excelsis", agus "Sanctus"; ta doras aigeadh an pháis clúdaithe le foicle ón mbíobla i teanga difriúla Catalóinis ina measc; agus beidh an paidir na hAspaill ar aghaidh an Ghlóir.

Beidh áiteanna sa tearmann mar shiombail do na naoimh, buanna, choir, agus coincheapa neamh reiligiúnach mar shampla réigiún na Spáinne.

Táthar ag súil go mbeidh sé chríochnaithe timpeall 2026 cothrom an lae céad bhliain, a bhfuair Gaudi bás, cé go bhfuil easaontas faoi an dáta seo. Ar dtús báire, ceapadh go dtógfadh sé na céadta bliana chun í a thógáil ach, le cabhair ríomhairí, teicneolaíocht agus smaointe nua faoi tógáil tá sé ag dul ar aghaidh níos tápúla.

Further reading[athraigh | edit source]

  • Zerbst, Rainer (1988). "Antoni Gaudi — A Life Devoted to Architecture". Hamburg, Germany: Taschen. 
  • Nonell, Juan Bassegoda (2004). "Antonio Gaudi: Master Architect". New York: Abbeville Press. 
  • Crippa, Maria Antonietta (2003). "Antoni Gaudi, 1852–1926: From Nature to Architecture". Hamburg, Germany: Taschen. 
  • Schneider, Rolf (2004). "100 most beautiful cathedrals of the world: A journey through five continents". Edison, New Jersey: Chartwell Books. 
  • AA.VV. (2001). "Modernisme i Modernistes". ISBN 84-7782-776-1. 
  • Barral i Altet, Javier (2001.). "Art de Catalunya. Arquitectura religiosa moderna i contemporània". ISBN 84-89931-14-3. 
  • Bassegoda i Nonell, Joan (1989). "El gran Gaudí". ISBN 84-86329-44-2. 
  • Bassegoda i Nonell, Joan (2002). "Gaudí o espacio, luz y equilibrio". ISBN 84-95437-10-4. 
  • Bergós i Massó, Joan (1999). "Gaudí, l'home i l'obra". ISBN 84-7782-617-X. 
  • Bonet i Armengol, Jordi (2001). "L'últim Gaudí". ISBN 84-7306-727-4. 
  • Crippa, Maria Antonietta (2007). "Gaudí". ISBN 978-3-8228-2519-8. 
  • Flores, Carlos (2002). "Les lliçons de Gaudí". ISBN 84-7596-949-6. 
  • Fontbona, Francesc y Miralles, Francesc (1985). "Història de l’Art Català. Del modernisme al noucentisme (1888-1917)". ISBN 84-297-2282-3. 
  • Giralt-Miracle, Daniel (2002). "Gaudí, la busqueda de la forma". ISBN 84-7782-724-9. 
  • Gómez Gimeno, María José (2006). "La Sagrada Familia". ISBN 84-933983-4-9. 
  • Lacuesta, Raquele (2006). "Modernisme a l’entorn de Barcelona". ISBN 84-9803-158-3. 
  • Navascués Palácio, Pedro (2000). "Summa Artis. Arquitectura española (1808-1914)". ISBN 84-239-5477-3. 
  • Permanyer, Lluis (1993). "Barcelona modernista". ISBN 84-343-0723-5. 
  • Puig i Boada, Isidre (1986). "El temple de la Sagrada Família". ISBN 84-7327-135-1. 
  • Tarragona, Josep Maria (1999). "Gaudí, biografia de l’artista". ISBN 84-8256-726-8. 
  • Van Zandt, Eleyearr (1997). "La vida y obras de Gaudí". ISBN 0-7525-1106-8. 
  • Zerbst, Rainer (1989). "Gaudí". ISBN 3-8228-0216-6.