Robert Wilhelm Bunsen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Robert Wilhelm Bunsen
Dealbh de Robert Bunsen le Hermann Volz i Heidelberg
Tuama Bunsen ag Heidelberger Bergfriedhof

Ceimiceoir Gearmanach ab ea Robert Wilhelm Bunsen (Márta 30, 1811 - 16 Lúnasa, 1899. D'imscrúdaigh sé speictrim astúcháin d'eilimintí teite, agus d'fhionn sé (in éineacht le Gustav Kirchhoff) na dúile caeisiam (sa bhliain 1860) agus rubaidiam (sa bhliain 1861). D'fhorbair Bunsen roinnt modhanna le haghaidh gáis a mhionscrúdú, bhí sé ina cheannródaí sa fhótaiceimic, agus rinne sé an luath-obair i réimse na ceimice orgán-arsanaice. D'fhorbair sé, in éineacht le Peter Desaga, an dóire Bunsen, mar bhí géar-ghá, ag an am sin, le hábhar maith teasa ar bhinse na saotharlainne ceimice. Tá an 'Dámhachtain Bunsen-Kirchhoff' le haghaidh na speictreascópachta anailíse (Gearmáinis: Bunsen-Kirchhoff-Preis für Analytische Spektroskopie) ainmnithe in onóir dóibh.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile