Dóire Bunsen

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dóire Bunsen le chomhla shnáthaide. Ar chlé sa phictiúr, tá an feadán ann agus úsáidtear é chun an dóire a cheangal don chóir gáis agus ar an taobh eile, tá an chomhla shnáthaide ann le haghaidh oiriúnaithe an tsreafa gháis. Coigeartaítear an t-ionraon aeir ar an mhúnla seo tré an bairille a rothlú, rud a osclaíonn nó a dhúnann an t-ionraon aeir ar an mbonn.)

Uirlis saotharlainne coiteann a tháirgeann lasair oscailte amháin gáis, a úsáidtear le haghaidh téimh, steirilithe, agus dócháin is ea dóire Bunsen.

Tagann an gás isteach trí scaird ag bun an fheadáin ingearaigh, agus tarraingítear aer isteach trí oscailt ar thaobh an fheadáin. Is féidir an oscailt a rialú chun an meascán gáis / aeir a rialú, agus cruth is nádúr na lasrach. Is féidir an lasair a rialú ó lonrúil gan a bheith ró-the go dtí neamhlonrúil an-te[1].

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí smaoineamh an dóire fhíorthábhachtaigh seo ag Robert Bunsen, ach ba é a chabhraitheoir teicniúil Peter Desaga a thóg is a thug chun foirfeachta é.

Nuair a d'fhostaigh Ollscoil Heidelberg Robert Bunsen sa bhliain 1852, gheall na húdaráis saotharlann nua a thógáil dó. Bhí tús curtha díreach ag an am sin le soilsiú sráide gásghual a shuiteáil i Heidelberg, agus mar sin bhí soláthar gáis curtha isteach san fhoirgneamh saotharlainne nua chomh maith.

Fuair an tsaotharlann teas chomh maith le soilsiú ón ngás. I gcomhair téimh, bhí sé inmhianaithe an teocht a uasmhéadú agus an lonrachas a íoslaghdú. Go dtí sin, ní raibh an-éifeachtach sna lampaí saotharlainne maidir le simplíocht agus barainneacht, chomh maith le cáilíocht an lasair i gcomhair dóire lampa.

Nuair a bhí foirgneamh s'aige fós á dtógáil go déanach sa bhliain 1854, mhol Bunsen prionsabail dearaidh áirithe don mheicneoir ollscoile, Peter Desaga, agus mhol sé dó fhréamhshamhail a thógáil. (Bhí na prionsabail comhchosúla úsáidte níos luaithe ag Michael Faraday i ndearadh dóire, agus ag an ghás innealtóir R. W. ​​Elsner i ngléas a bhí paitinnithe sa bhliain 1856).

D'éirigh leis an dearadh Bunsen-Desaga lasair te, neamh-shúiche, neamh-lonrúil a ghiniúint, trí ghás le haer a mheascadh i mbealach rialaithe roimh dócháin. Chruthaigh Desaga scoiltíní i gcomhair an aeir ag bun an chéad dóire sorcóireach, an lasair a lasadh ag an mbarr.

Faoin am a d'osclaíodh an foirgneamh go luath sa bhliain 1855, bhí caoga dóirí déanta ag Desaga do mhic léinn Bhunsen. D'fhoilsigh Bunsen cur síos ar an ndóire dhá bhliain níos déanaí, agus ghlac go leor dá chomhghleacaithe go luath leis an dearadh.

Anois, úsáidtear anois na dóirí seo i saotharlanna ar fud an domhain.

Oibríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cineálacha bladhmanna éagsúla ón dóire Bunsen ag brath ar an sreabhadh trí na poill scórnach (poill ar thaobh an dhóire Bunsen (ní an chomhla shnáthaide):
1 Poll aeir dúnta (Lasair sábháilteacht a úsáidtear nuair nach mbíonn an doire in úsáid)
2 Poll aeir beagán ar oscailt.
3 Poll aeir leath ar oscailt.
4 Poll aeir beagnach oscailte go hiomlán (is é seo an bhladhm fhíorghorm).

Sa lá atá inniu ann dónn an gaireas go sábháilte sruth leanúnach de gháis inadhainte amhail gás nádúrtha (go príomha meatán) nó gás peitriliam leachtaithe ar nós própán, bútán, nó meascán den dá rud. Ceanglaítear feadán an dóire chuig soc gáis ar an mbinse saotharlainne le feadán rubair.

Is minic a bhíonn a lán soc ar fáil ar bhinsí saotharlainne agus iad ceangailte le foinse lárnach gáis, chomh maith le bhfolús, nítrigin, agus soic gaile. Sreabhadh an gás ansin suas tríd an bonn trí pholl beag ag bun an bhairille agus tá sé dírithe aníos.

Tá sliotán oscailte ar thaobh íochtarach den fheadán chun aer a ligean isteach sa sruth trí éifeacht Venturi, agus dónn an gás ag barr an fheadáin nuair a adhaintear é le lasair nó spréach. De ghnáth, úsáidtear lasáin nó spréachlastóir chun an dóire a lasadh .

Bíonn tionchar ag an méid aeir a mheascann leis an sruth gáis agus iomláine an imoibriúcháin dócháin. Tairgíonn níos lú aer imoibriúchán neamhiomlán agus dá bhrí sin bíonn an t-imoibriúchán níos fuaire, agus nuair a bhíonn an sruth gáis measctha go maith le haer, bíonn ocsaigin cómholarach ann agus dá bhrí sin is féidir leis an t-imoibriúchán bheith iomlán agus níos teo. Rialaítear an sruth aeir trí an sliotán ag bun an bhairille a oscailt nó dhúnadh, mar an gcéanna leis an tachtaire i gcarbradóir.

Robert Wilhelm Bunsen

Má tá an coiléar ag bun an fheadáin coigeartaithe ionas go bhféadfar níos mó aeir bheith meascaithe leis an ghás roimh dócháin, beidh bladhm níos teo, agus dath gorm air.

Má tá na poill dúnta, ní mheascfaidh an gás ach amháin leis an aeir chomhthimpeallaigh ag an bpointe dócháin, is é sin, tar éis é a bheith tagtha amach as an fheadán ag an mbarr.

Táirgeann an meascadh laghdaithe seo imoibriúchán neamhiomlán, agus bíonn lasair níos gile le feiscint ach níos fuaire, a thugtar an "lasair shábháilteacht" nó "lasair lonrúil" uirthi go minic ar. Bíonn an lasair lonrúil toisc cáithníní beaga súiche a bheith san bhladhm a théitear go dtí go bhfuil siad gealbhruthach.

Meastar go bhfuil an lasair bhuí "salach" mar fágann sí sraith de charbóin ar soithí ina dhiaidh. Nuair a bhíonn an dóire rialaithe le haghaidh lasrach te gorm, is féidir í a bheith beagnach dofheicthe i gcoinne roinnt chúlraí. Is é barr an lasair istigh an chomhpháirt is teo, cé go mbíonn an chuid eile den lasair istigh níos fuaire na aon chuid eile den lasrach.

Dealbh de Robert Bunsen le Hermann Volz i Heidelberg

Má méadaítear ar an mhéid breosla gáis a sreabhann tríd an fheadán, tríd an chomhla shnáthaide a oscailt, beidh méadú ar mhéid na lasrach. Mar sin féin, mura bhfuil an aershreabh coigeartaithe chomh maith, beidh teocht lasrach laghdaithe toisc go bhfuil níos mó gáis measctha anois leis an méid céanna aeir, a fhágann an lasair stiúgtha le easpa ocsaigine.

Go minic, fágtar an dóire ag seasamh ar mata teasdíonach chun dromchla an bhinse saotharlainne a chosaint.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Matt Hussey, Fréamh an Eolais, Coiscéim 2011