Caeisiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Caeisiam
Siombail Cheimiceach Cs
Uimhir Adamhach 55
Meáchan Adamhach 132.9054519(2) g·mol
Grúpa, Peiriad 1, 6, s
Dlús 1.93 g·cm−3
Sraith Cheimiceach Miotail alcaileacha
Cs-TableImage.png

Is é an caeisiam dúil uimhir a 55, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Cs. Cosúil leis na miotail alcaileacha eile, is miotal é a bhfanann loinnir an airgid ghil ann a fhad is nach dtagann sé i dteagmháil le hocsaigin an aeir. Tá imoibriú an chaeisiam leis an uisce, arís, níos feiceálaí agus níos fíochmhaire ná an t-imoibriú céanna ag na miotail alcaileacha níos éadroime ná é - le fírinne, tá an caeisiam in ann an t-imoibriú seo a dhéanamh leis an oighear féin má tá an teocht níos airde ná -116 °C.

Is minic a shíltear go bhfuil an caeisiam radaighníomhach, ó scaipeadh iseatóp radaighníomhach na dúile seo timpeall na hEorpa i ndiaidh thubaiste Chernobyl. Le fírinne, áfach, is é an t-aon iseatóp amháin atá ar fáil sa dúlra ná 133Cs, agus is iseatóp cobhsaí é. Na hiseatóip radaighníomhacha atá ag an gcaeisiam, ní mór iad a ghineadh go saorga. Scéal eile ar fad is ea é go bhfuil 134Cs ar ceann de na núiclídí is tábhachtaí leis an truailliú i dtimpeallacht na stáisiún adamhach cumhachta a thomhas.

Má chuirtear salann caeisiam trí thine, aithneofar an caeisiam ar an lasair ghorm. Sin é an tuige go dtugtar "caeisiam" ar an dúil seo, nó is focal Laidine é caesius a chiallaíonn "gealghorm" nó "spéirghorm".

Is í an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin a bhíonn ag an gcaeisiam ina chuid comhdhúl ná +1, ar ndóigh. Tugann tuairiscí áirithe le fios, áfach, go bhfuil an fluairín inniúil ar an gcaeisiam a ocsaídiú go huimhreacha níos airde fós.