Airgead (dúil)
| Airgead | |
| Siombail Cheimiceach | Ag |
| Uimhir Adamhach | 47 |
| Meáchan Adamhach | 107.880 |
| Grúpa, Peiriad | 11, 5, d |
| Dlús | 10.49 g·cm−3 |
| Sraith Cheimiceach | |
Dúil cheimiceach is ea é an t-airgead nó an t-airgead geal, agus is í an uimhir adamhach atá aige sa tábla peiriadach ná 47. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 107.880, agus cuirtear in iúl é sna foirmlí ceimiceacha leis an ngiorrúchán Ag, atá bunaithe ar an bhfocal Laidne argentum.
Suíomh sa tábla peiriadach [athraigh]
Tá an t-airgead geal ar an dara ceann de na miotail i ngrúpa a 11, in éineacht leis an ór agus leis an gcopar. Ceann de na miotail trasdultacha is ea é, mar sin. Tá sé suite i bpeiriad 5. Mar sin, is í an dúil a thagann roimhe ná an pallaidiam, agus an caidmiam ag teacht sna sálaí aige.
Tréithe fisiceacha [athraigh]
Miotal bog bán lonrach atá ann. Tá an t-airgead geal ar an seoltóir idir leictreach agus teirmeach is fearr atá ann. Ós rud é gur triathmhiotal é, faightear ina aonar é sa nádúr. Thairis sin, is féidir é a fháil i mianraí ar nós argaintít, arb ionann í agus suilfíd an airgid (I), Ag2S, agus cornairgead nó clórargairít, arb ionann í agus clóiríd an airgid (I), AgCl.
Úsáid [athraigh]
Úsáidtear an miotal seo sa mhonaíocht, sa tseodóireacht, sa ghrianghrafadóireacht, sa leictreonaic, i scátháin fhrithchaiteacha, agus san fhiaclóireacht.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.