Alcaile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bun láidir, hiodrocsaíd sóidiam is hiodrocsaíd photaisiam go háirithe. Bíonn pH ard ag a thuaslagáin uisciúla, agus baintear úsáid astu mar ábhair ghlantacha de bhrí go dtuaslagann siad saill. Is iad na miotail alcaile grúpa I ar chlár peiriadach na ndúl, an grúpa a chuimsíonn litiam, sóidiam, potaisiam, rubaidiam is caeisiam. Rud sainiúil maidir le gach ceann acu gur féidir é a ocsaídiú ina chomhdhúile ina mbíonn sé ina chaitian luchtaithe go singil, agus hiodrocsaíd aige atá ina bhun láidir.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Alcaile". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 30.