Robert Alexander Watson-Watt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a saolaíodh i mBreichin na hAlban ab ea Robert Alexander Watson-Watt (1892-1973). D'fhorbair sé an córas raidió is radair chun aerárthaigh a aimsiú agus cumarsáid a dhéanamh idir iad is na túir stiúrtha. Rinne sé taighde go luath ar fheidhmiú raidió chun cabhrú le cumarsáid a dhéanamh le heitleáin. Tháinig sé ar an tuiscint gur chabhraigh na cisil ian atá gafa i réimse maighnéadach an Domhain leis an gcumarsáid seo, agus thug sé an t-ianaisféar orthu i 1926. Ról lárnach aige i bhforbairt an radair don dara cogadh domhanda, agus don aerloingseoireacht ina dhiaidh.